+Airteagal 198 2.

Airteagal 198 2.

I gcás nach bhfuil an GC nó aon GC foluiteach teoranta d’infheistiú in ionstraimí atá incháilithe i gcomhair aitheantais faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus sna hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás ina gcuireann institiúidí cur chuige na trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 132a(1) nó 152(2) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas go dtí an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;

(b) 

i gcás ina gcuireann institiúidí an cur chuige bunaithe ar shainordú dá dtagraítear in Airteagal 132a(2) nó 152(5) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas chuig an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCanna foluiteacha in ionstraimí neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe féin.

I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag ionstraimí neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thagann ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá rud seo a leanas:

(a) 

ríomhfaidh siad luach iomlán na n-ionstraimí neamh-incháilithe;

(b) 

i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na n-ionstraimí incháilithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas