+Airteagal 198 Incháilitheacht bhreise na comhthaobhachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
---+Airteagal 198 1.
---+Airteagal 198 2.
|
Airteagal 198 Incháilitheacht bhreise na comhthaobhachta faoin Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 198 1.
|
I dteannta na comhthaobhachta a bhunaítear in Airteagal 197, i gcás ina n-úsáideann institiúid an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais atá leagtha amach in Airteagal 223, féadfaidh an institiúid sin na nithe seo a leanas a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe:
(a)
cothromais nó bannaí in-chomhshóite nach n-áirítear i bpríomhinnéacs ach a thrádáiltear ar mhalartán aitheanta;
(b)
aonaid nó scaireanna in GCanna i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
tá praghas luaite poiblí laethúil ag na haonaid nó ag na scaireanna;
(ii)
tá an GC teoranta d'infheistiú in ionstraimí atá incháilithe d'aitheantas faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí a luaitear i bpointe (a) den fhomhír seo.
I gcás ina n-infheistíonn GC i scaireanna nó in aonaid GC eile, beidh na coinníollacha atá leagtha síos i bpointí (a) agus (b) den mhír seo i bhfeidhm go cothrom maidir le haon GC bunúsach den sórt sin. I gcás ina n-úsáideann GC ionstraimí díorthaigh chun infheistíochtaí ceadaithe a fhálú, ní choiscfear incháilitheacht aonad ná scaireanna sa ghnóthas sin mar chomhthaobhacht dá bharr sin.
|
|
Airteagal 198 2.
|
I gcás nach bhfuil an GC nó aon GC foluiteach teoranta d’infheistiú in ionstraimí atá incháilithe i gcomhair aitheantais faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus sna hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
i gcás ina gcuireann institiúidí cur chuige na trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 132a(1) nó 152(2) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas go dtí an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;
(b)
i gcás ina gcuireann institiúidí an cur chuige bunaithe ar shainordú dá dtagraítear in Airteagal 132a(2) nó 152(5) i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha ar GC, féadfaidh siad aonaid nó scaireanna sa GC sin a úsáid mar chomhthaobhacht suas chuig an méid atá cothrom le luach na n-ionstraimí arna sealbhú ag an GC sin atá incháilithe faoi Airteagal 197(1) agus (4) agus na hítimí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo, á ghlacadh leis gur infheistigh an GC nó aon cheann dá GCanna foluiteacha in ionstraimí neamh-incháilithe go dtí an t-uasmhéid a cheadaítear faoina gcuid sainorduithe féin.
I gcás ina bhféadfadh luach diúltach a bheith ag ionstraimí neamh-incháilithe mar gheall ar dhliteanais nó ar dhliteanais theagmhasacha a thagann ó úinéireacht, déanfaidh institiúidí an dá rud seo a leanas:
(a)
ríomhfaidh siad luach iomlán na n-ionstraimí neamh-incháilithe;
(b)
i gcás ina bhfuil an méid a gheofar faoi phointe (a) diúltach, dealóidh siad luach absalóideach an mhéid sin ó luach iomlán na n-ionstraimí incháilithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|