|
+Airteagal 199 6. |
Airteagal 199 6.Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid comhthaobhacht fhisiceach de chineál seachas na cinn atá léirithe i mír 2, mír 3 agus mír 4 a úsáid mar comhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leanas:
(a)
tá margaí leachtacha ann, arna bhfianú ag idirbhearta minice, agus cineál na sócmhainne á chur san áireamh, chun comhthaobhacht a dhiúscairt ar mhodh atá gasta agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Déanfaidh institiúidí measúnú ar an gcoinníoll seo go tréimhsiúil agus i gcás inar léir ón fhaisnéis go bhfuil athruithe ábhartha sa mhargadh;
(b)
tá praghsanna margaidh ann don chomhthaobhacht atá dea-bhunaithe agus ar fáil don phobal. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna dea-bhunaithe iad praghsanna an mhargaidh i gcás ina dtagann siad as foinsí iontaofa faisnéise amhail innéacsanna poiblí agus gur léiriú iad ar phraghas na n-idirbheart faoi ghnáthdhálaí. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna atá fáil don phobal iad praghsanna an mhargaidh, sa chás go nochtar praghsanna, go bhfuil rochtain éasca orthu, agus gur féidir iad a fháil go rialta agus gan aon ualach míchuí riaracháin nó airgeadais ag baint leo;
(c)
déanann an institiúid anailís ar phraghsanna an mhargaidh, ar an am agus ar na costais a bhaineann leis an gcomhthaobhacht a réadú agus ar na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht;
(d)
léiríonn an institiúid nach bhfuil na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht faoi 70 % de luach na comhthaobhachta i gcás 90 % ar a laghad de na leachtuithe ar fad i gcás cineál áirithe comhthaobhachta; i gcás ina bhfuil luaineacht ábhartha i bpraghsanna an mhargaidh, léireoidh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil a luacháil ar an gcomhthaobhacht sách coimeádach. Doiciméadóidh an institiúid comhlíonadh na gcoinníollacha atá sonraithe i bpointí (a) go (d) sa chéad fhomhír agus na coinníollacha sin atá sonraithe in Airteagal 210. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|