+Airteagal 199 Incháilitheacht bhreise do chomhthaobhacht faoin gCur Chuige IRB
---+Airteagal 199 1.
---+Airteagal 199 2.
---+Airteagal 199 3.
---+Airteagal 199 4.
---+Airteagal 199 4a.
---+Airteagal 199 5.
---+Airteagal 199 6.
---+Airteagal 199 7.
---+Airteagal 199 8.

Airteagal 199 Incháilitheacht bhreise do chomhthaobhacht faoin gCur Chuige IRB

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 199 1.

I dteannta na comhthaobhachta dá dtagraítear in Airteagail 197 agus 198, féadfaidh institiúidí a ríomhann méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ atá ualaithe ó thaobh ►C9  riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh faoin gCur Chuige IRB na cineálacha comhthaobhachta seo a úsáid freisin:

(a) 

comhthaobhacht maoine dochorraithe i gcomhréir le mír 2, mír 3 agus mír 4;

(b) 

earraí infhaighte i gcomhréir le mír 5;

(c) 

comhthaobhacht fhisiceach eile i gcomhréir le míreanna 6 agus 8;

(d) 

léasú i gcomhréir le mír 7.

Airteagal 199 2.

Mura sonrófar a mhalairt faoi Airteagal 124(9), féadfaidh institiúidí comhthaobhacht incháilithe a úsáid i bhfoirm réadmhaoine cónaithe atá nó a bheidh á háitiú nó á ligean ar cíos ag an úinéir, nó ag an úinéir tairbhiúil i gcás cuideachtaí infheistíochta pearsanta, agus réadmhaoin dhochorraithe tráchtála, lena n-áirítear oifigí agus áitribh thráchtála eile, i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

ní bhraitheann an luach réadmhaoine go hábhartha ar cháilíocht chreidmheasa an oibleagáideora;

(b) 

ní bhraitheann riosca an iasachtaí go hábhartha ar fheidhmíocht na réadmhaoine bunúsaí ná an tionscadail fholuitigh, ach ar acmhainneacht fholuiteach an iasachtaí an fiachas a aisíoc ó fhoinsí eile, agus mar thoradh air sin, ní bheidh aisíocaíocht na saoráide ag brath go hábhartha ar aon sreabhadh airgid arna ghiniúint leis an réadmhaoin fholuiteach a fheidhmíonn mar chomhthaobhacht.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh institiúidí cásanna a fhágáil ar lár i gcás ina ndéanfaidh tosca atá go hiomlán maicreacnamaíoch difear don luach réadmhaoine agus d‘fheidhmíocht an iasachtaí araon.

Airteagal 199 3.

Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás ►C9  neamhchosaintí ◄ arna n-urrú le maoin chónaithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine cónaithe dea-fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraíonn aon cheann de na teorainneacha seo a leanas:

▼M17

(a) 

ní mó ná 0,3  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (a), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c);

(b) 

ní mó ná 0,5  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (b), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (c).

▼B

I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 199 4.

Féadfaidh institiúidí maolú ó phointe (b) de mhír 2 i gcás maoine tráchtála dochorraithe atá lonnaithe laistigh de chríoch Ballstáit, más rud é gur fhoilsigh údarás inniúil an Bhallstáit sin fianaise lena léirítear go bhfuil margadh maoine tráchtála dochorraithe dea- fhorbartha agus fadbhunaithe sa chríoch sin ag a bhfuil rátaí caillteanais nach sáraítear aon cheann de na teorainneacha seo a leanas leo:

▼M17

(a) 

ní mó ná 0,3  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (d), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (f);

(b) 

ní mó ná 0,5  % an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 430a(1), pointe (e), arna roinnt ar an méid comhiomlánaithe a thuairiscíonn institiúidí faoi Airteagal 43a(1), pointe (f).

I gcás nach gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír in aon bhliain faoi leith, ní úsáidfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san fhomhír sin go dtí go gcomhlíonfar an dá choinníoll i mbliain ina dhiaidh sin.

Airteagal 199 4a.
Chomh maith leis sin, féadfaidh institiúidí an maoluithe dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil den tríú tír, a chuireann socruithe maoirseachta agus rialála i bhfeidhm atá cothrom ar a laghad leo siúd a chuirtear i bhfeidhm san Aontas mar a cinneadh i gcinneadh ón gCoimisiún a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 107(4), rátaí caillteanais comhfhreagracha a fhoilsiú le haghaidh neamhchosaintí arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite laistigh den tríú tír sin.
Airteagal 199 5.
Féadfaidh institiúidí earraí infhaighte a bhaineann le hidirbheart nó le hidirbhearta tráchtála ag a bhfuil aibíocht tosaigh níos lú ná bliain amháin nó cothrom le bliain amháin a úsáid mar mhéideanna comhthaobhachta incháilithe. Ní áirítear ar earraí infhaighte incháilithe na cinn a bhaineann le hurrúsuithe, le fo-rannpháirteachas, le díorthaigh chreidmheasa ná le méideanna atá dlite ó pháirtithe cleamhnaithe.

I gcás ina n-eiseoidh institiúid creidmheasa forbartha poiblí mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(2) den Rialachán seo í iasacht spreagtha mar a shainmhínítear in Airteagal 429a(3) den Rialachán seo í chuig institiúid eile, nó chuig institiúid airgeadais atá údaraithe chun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 2 nó pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a dhéanamh agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 119(5) den Rialachán seo, agus i gcás ina gcuirfidh an institiúid eile nó an institiúid airgeadais sin an iasacht spreagtha faoi bhealach, go díreach nó go hindíreach, chuig oibleagáideoir deiridh agus ina ngéillfidh sí don institiúid creidmheasa forbartha poiblí an tsuim infhaighte ón iasacht spreagtha mar chomhthaobhacht, féadfaidh an institiúid creidmheasa forbartha poiblí an tsuim infhaighte ghéillte a úsáid mar chomhthaobhacht incháilithe, gan beann ar aibíocht bhunaidh na suime infhaighte géillte.

Airteagal 199 6.

Tabharfaidh údaráis inniúla cead d'institiúid comhthaobhacht fhisiceach de chineál seachas na cinn atá léirithe i mír 2, mír 3 agus mír 4 a úsáid mar comhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha ar fad a leanas:

(a) 

tá margaí leachtacha ann, arna bhfianú ag idirbhearta minice, agus cineál na sócmhainne á chur san áireamh, chun comhthaobhacht a dhiúscairt ar mhodh atá gasta agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Déanfaidh institiúidí measúnú ar an gcoinníoll seo go tréimhsiúil agus i gcás inar léir ón fhaisnéis go bhfuil athruithe ábhartha sa mhargadh;

(b) 

tá praghsanna margaidh ann don chomhthaobhacht atá dea-bhunaithe agus ar fáil don phobal. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna dea-bhunaithe iad praghsanna an mhargaidh i gcás ina dtagann siad as foinsí iontaofa faisnéise amhail innéacsanna poiblí agus gur léiriú iad ar phraghas na n-idirbheart faoi ghnáthdhálaí. Féadfaidh institiúidí a mheas gur praghsanna atá fáil don phobal iad praghsanna an mhargaidh, sa chás go nochtar praghsanna, go bhfuil rochtain éasca orthu, agus gur féidir iad a fháil go rialta agus gan aon ualach míchuí riaracháin nó airgeadais ag baint leo;

(c) 

déanann an institiúid anailís ar phraghsanna an mhargaidh, ar an am agus ar na costais a bhaineann leis an gcomhthaobhacht a réadú agus ar na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht;

▼M17

(d) 

léiríonn an institiúid nach bhfuil na fáltais réadaithe ón gcomhthaobhacht faoi 70 % de luach na comhthaobhachta i gcás 90 % ar a laghad de na leachtuithe ar fad i gcás cineál áirithe comhthaobhachta; i gcás ina bhfuil luaineacht ábhartha i bpraghsanna an mhargaidh, léireoidh an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil a luacháil ar an gcomhthaobhacht sách coimeádach.

▼B

Doiciméadóidh an institiúid comhlíonadh na gcoinníollacha atá sonraithe i bpointí (a) go (d) sa chéad fhomhír agus na coinníollacha sin atá sonraithe in Airteagal 210.

Airteagal 199 7.
Faoi réir fhorálacha Airteagal 230(2), i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 211, féadfar ►C9  neamhchosaintí ◄ a thagann as idirbhearta trína léasaíonn institiúid maoin le tríú páirtí a láimhseáil ar an tslí chéanna a láimhseáiltear iasachtaí atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe.
Airteagal 199 8.
Cuirfidh ÚBE liosta de na cineálacha comhthaobhachta fisicí ar fáil lena bhféadfaidh institiúidí glacadh leis go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) de mhír 6 lena n-aghaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas