+Airteagal 201 Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige
---+Airteagal 201 1.
---+Airteagal 201 2.
|
Airteagal 201 Incháilitheacht sholáthraithe na cosanta faoi gach cur chuige
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 201 1.
|
Féadfaidh institiúidí na páirtithe seo a leanas a úsáid mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa:
(a)
rialtais láir agus bainc cheannais;
(b)
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla;
(c)
bainc forbartha iltaobhacha;
▼M17
(d)
eagraíochtaí idirnáisiúnta dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 118;
▼B
(e)
eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear éilimh orthu i gcomhréir le hAirteagal 116;
(f)
institiúidí, agus institiúidí airgeadais a ndéantar
►C9
neamhchosaintí ◄ ar an institiúid airgeadais ina leith a láimhseáil mar
►C9
neamhchosaintí ◄ ar institiúidí i gcomhréir le hAirteagal 119(5);
▼M17
(fa)
eintitis earnála airgeadais rialáilte;
▼M17
(g)
i gcás nach soláthraítear cosaint creidmheasa do neamhchosaint ar urrúsú, gnóthais eile, ag a bhfuil measúnú creidmheasa arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe orthu, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí nó eintitis chleamhnaithe an oibleagáideora, i gcás ina bhfuil ualú riosca níos ísle ag neamhchosaint dhíreach ar na máthairghnóthais, na fochuideachtaí nó na heintitis chleamhnaithe sin ná an neamhchosaint ar an oibleagáideoir;
▼M8
(h)
contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (fa), den Airteagal seo, ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais rialáilte” eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 142(1), pointe (4)(b).
|
|
Airteagal 201 2.
|
I dteannta na soláthraithe cosanta a liostaítear i mír 1, beidh eintitis chorparáideacha a mbíonn rátáil á déanamh go hinmheánach orthu ag an institiúid i gcomhréir le Caibidil 3, Roinn 6, ina soláthraithe incháilithe cosanta creidmheasa neamhchistithe i gcás ina n-úsáideann an institiúid Cur Chuige IRB maidir le neamhchosaintí ar na heintitis chorparáideacha sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|