|
+Airteagal 201 1. |
Airteagal 201 1.Féadfaidh institiúidí na páirtithe seo a leanas a úsáid mar sholáthraithe incháilithe na cosanta neamhchistithe creidmheasa:
(a)
rialtais láir agus bainc cheannais;
(b)
rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla;
(c)
bainc forbartha iltaobhacha;
(d)
eagraíochtaí idirnáisiúnta dá sanntar ualú riosca 0 % i gcomhréir le hAirteagal 118;
(e)
eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear éilimh orthu i gcomhréir le hAirteagal 116;
(f)
(fa)
eintitis earnála airgeadais rialáilte;
(g)
i gcás nach soláthraítear cosaint creidmheasa do neamhchosaint ar urrúsú, gnóthais eile, ag a bhfuil measúnú creidmheasa arna dhéanamh ag IMCS ainmnithe orthu, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí nó eintitis chleamhnaithe an oibleagáideora, i gcás ina bhfuil ualú riosca níos ísle ag neamhchosaint dhíreach ar na máthairghnóthais, na fochuideachtaí nó na heintitis chleamhnaithe sin ná an neamhchosaint ar an oibleagáideoir;
(h)
contrapháirtithe lárnacha cáilitheacha. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (fa), den Airteagal seo, ciallaíonn “eintiteas earnála airgeadais rialáilte” eintiteas earnála airgeadais a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 142(1), pointe (4)(b). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|