+Airteagal 204a Cineálacha incháilithe díorthach cothromais
---+Airteagal 204a 1.
---+Airteagal 204a 2.
|
Airteagal 204a Cineálacha incháilithe díorthach cothromais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 204a 1.
|
Ní fhéadfaidh institiúidí díorthaigh chothromais, ar babhtálacha an toraidh iomláin iad nó cinn a bhfuil éifeacht eacnamaíoch chomhchosúil acu, a úsáid mar chosaint chreidmheasa incháilithe ach amháin chun críocha fáluithe inmheánacha a dhéanamh. I gcás ina gceannóidh institiúid cosaint chreidmheasa trí bhabhtáil an toraidh iomláin agus ina ndéanann sí taifead ar na glaníocaíochtaí arna bhfáil ar an mbabhtáil mar ghlanioncam, ach nach ndéanfaidh sí taifead ar an meath fritháirimh i luach na sócmhainne atá cosanta faoi laghduithe i luach cóir nó trí mhéid breise a bheith curtha le cúlchistí, ní cháileoidh an chosaint chreidmheasa sin mar chosaint chreidmheasa incháilithe.
|
|
Airteagal 204a 2.
|
I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú inmheánach ag baint úsáid as díorthach cothromais, ionas go gcáileoidh an fálú inmheánach mar chosaint chreidmheasa incháilithe chun críocha na Caibidle seo, déanfar an
►C12
riosca ◄ creidmheasa a aistríodh chuig an leabhar trádála a aistriú chuig tríú páirtí nó páirtithe. I gcás ina ndearnadh fálú inmheánach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír agus inar comhlíonadh na ceanglais sa Chaibidil seo, cuirfidh institiúidí na rialacha a leagtar amach i Roinn 4 go Roinn 6 den Chaibidil seo i bhfeidhm maidir le méideanna
►C12
neamhchosainta ◄ atá ualaithe ó thaobh
►C12
riosca ◄ agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh i gcás ina bhfaighidh siad cosaint neamhchistithe chreidmheasa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|