+Airteagal 207 Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais
---+Airteagal 207 1.
---+Airteagal 207 2.
---+Airteagal 207 3.
---+Airteagal 207 4.
---+Airteagal 207 5.

Airteagal 207 Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 207 1.
Faoi na cineálacha cur chuige agus modhanna uile, cáileoidh comhthaobhacht airgeadais agus óir mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos i míreanna 2 go 4.
Airteagal 207 2.
Ní bheidh comhghaol deimhneach ábhartha idir cáilíocht chreidmheasa an oibleagáideora agus luach na comhthaobhachta. I gcás ina dtiocfaidh laghdú suntasach ar luach na comhthaobhachta, ní mar thoradh air sin amháin a thiocfadh meathlú suntasach ar chaighdeán creidmheasa an oibleagáideora. I gcás ina n-éireoidh caighdeán creidmheasa an oibleagáideora criticiúil, ní mar thoradh air sin amháin a thiocfadh laghdú suntasach ar luach na comhthaobhachta.

Ní cháileofar urrúis arna n-eisiúint ag an oibleagáideoir, ná ag aon eintiteas grúpa gaolmhar, mar chomhthaobhacht incháilithe. D'ainneoin sin, cáilítear eisiúintí an oibleagáideora féin de bhannaí faoi chumhdach a thagann faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 129 mar chomhthaobhacht incháilithe nuair a bhreactar iad mar chomhthaobhacht le haghaidh idirbhirt athcheannaigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh siad an coinníoll a leagtar amach sa chéad fhomhír.

Airteagal 207 3.
Comhlíonfaidh institiúidí aon cheanglais chonarthacha nó reachtúla i ndáil le hin-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta faoin dlí is infheidhme maidir lena leas sa chomhthaobhacht, agus déanfaidh siad na bearta is gá d'fhonn é sin a áirithiú.

Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh siad athbhreithnithe den chineál sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.

Airteagal 207 4.

Comhlíonfaidh institiúidí na ceanglais oibriúcháin uile a leanas:

(a) 

déanfaidh siad na socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu le haghaidh leachtú tráthúil na comhthaobhachta;

(b) 

úsáidfidh siad nósanna imeachta agus próisis stóinsithe chun rialú a dhéanamh ar priacail a thagann as úsáid comhthaobhachta, lena n-áirítear priacail cosanta creidmheasa teipthe nó laghdaithe, priacail measúnaithe, priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa, ►C9  riosca ◄ comhchruinnithe a thagann as úsáid comhthaobhachta agus as an idirghníomhaíocht le próifíl ►C9  riosca ◄ fhoriomlán na hinstitiúide;

(c) 

beidh beartais agus próisis dhoiciméadaithe i bhfeidhm acu a bhaineann le cineálacha agus méideanna na comhthaobhachta a nglactar leo;

▼M17

(d) 

ríomhfaidh siad margadhluach na comhthaobhachta, agus déanfaidh siad é a athluacháil dá réir sin, uair amháin gach 6 mhí ar a laghad agus aon am a bheidh cúis acu le creidiúint go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar mhargadhluach na comhthaobhachta; le breithnithe a bhaineann le CSR, spreagfar measúnú ar cé acu ar tharla nó nár tharla laghdú suntasach ar mhargadhluach na comhthaobhachta;

▼B

(e) 

i gcás in bhfuil an chomhthaobhacht i seilbh tríú páirtí, déanfaidh siad bearta réasúnta lena áirithiú go leithscarfaidh an tríú páirtí an chomhthaobhacht óna sócmhainní féin;

(f) 

áiritheoidh siad go ndíreoidh siad acmhainní leordhóthanacha ar fheidhmiú ordúil na gcomhaontuithe corrlaigh le díorthaigh thar an gcuntar agus contrapháirtithe um maoiniú urrús, mar a thomhaistear é le tráthúlacht agus beachtas a nglaonna corrlaigh amach agus leis an aga freagartha ar ghlaonna corrlaigh isteach;

(g) 

beidh beartais bhainistíochta i leith comhthaobhachta i bhfeidhm acu d'fhonn faireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas agus chun é a rialú agus a thuairisciú:

(i) 

na priacail ar a mbíonn siad ►C9  neamhchosanta ◄ de thoradh na gcomhaontuithe corrlaigh;

(ii) 

an ►C9  riosca ◄ comhchruinnithe do chineálacha éagsúla de shócmhainní comhthaobhachta;

(iii) 

athúsáid na comhthaobhachta lena n-áirítear na heasnaimh leachtachta a d'fhéadfadh tarlú mar thoradh ar athúsáid na comhthaobhachta a fhaightear ó chontrapháirtithe;

(iv) 

géilleadh na gceart maidir le comhthaobhacht breactha go dtí contrapháirtithe.

Airteagal 207 5.
Chomh maith leis na ceanglais uile a leagtar amach i mír 2 go mír 4 a chomhlíonadh, chun go gcáileofar comhthaobhacht airgeadais mar chomhthaobhacht incháilithe faoin Modh Simplí Comhthabhach Airgeadais beidh aibíocht iarmhair na cosanta ar a laghad chomh fada le haibíocht iarmhair na ►C9  neamhchosanta ◄ .

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas