+Sub-Section 1 Funded credit protection
---+Airteagal 205 Ceanglais maidir le comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 206 seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála
---+Airteagal 206 Ceanglais maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh
---+Airteagal 207 Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais
------+Airteagal 207 1.
------+Airteagal 207 2.
------+Airteagal 207 3.
------+Airteagal 207 4.
------+Airteagal 207 5.
---+Airteagal 208 Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe
------+Airteagal 208 1.
------+Airteagal 208 2.
------+Airteagal 208 3.
------+Airteagal 208 3a.
------+Airteagal 208 4.
------+Airteagal 208 5.
---+Airteagal 209 Ceanglais maidir le hearraí infhaighte
------+Airteagal 209 1.
------+Airteagal 209 2.
------+Airteagal 209 3.
---+Airteagal 210 Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile
---+Airteagal 211 Ceanglais maidir le►C9neamhchosaintí◄ar léasanna a láimhseáil mar►C9neamhchosaintí◄comhthaobhaithe
---+Airteagal 212 Ceanglais maidir le cosaint chistithe creidmheasa eile
------+Airteagal 212 1.
------+Airteagal 212 2.

Sub-Section 1 Funded credit protection

Sub-Section 1 Funded credit protection

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 205 Ceanglais maidir le comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 206 seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála

Airteagal 205

Ceanglais maidir le comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 206 seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála

Cáileoidh comhaontuithe glanluachála laistigh den chlár chomhardaithe, seachas máistir-chomhaontuithe glanluachála dá dtagraítear in Airteagal 206, mar fhoirm incháilithe de mhaolú ►C9  riosca ◄ creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;

(b) 

is féidir le hinstitiúidí na sócmhainní nó na dliteanais atá faoi réir na gcomhaontuithe sin a chinneadh aon tráth;

(c) 

déanann institiúidí faireachán ar na priacail a bhaineann le foirceannadh na cosanta creidmheasa agus rialaíonn siad iad ar bhonn leanúnach;

(d) 

déanann institiúidí faireachán ar na ►C9  neamhchosaintí ◄ ábhartha agus rialaíonn siad iad ar bhonn glanluachála agus ar bhonn leanúnach.

Airteagal 206 Ceanglais maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh

Airteagal 206

Ceanglais maidir le máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh nó idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh

Máistir-chomhaontuithe glanluachála lena gcumhdaítear idirbhearta athcheannaigh, idirbhearta maidir le hurrúis nó tráchtearraí a iasachtú nó a fháil ar iasacht nó idirbhearta caipitil eile atá faoi thionchar an mhargaidh, cáileoidh siad mar fhoirm incháilithe de mhaolú ►C9  riosca ◄ creidmheasa i gcás ina gcomhlíonfaidh an chomhthaobhacht a bheidh curtha ar fáil faoi na comhaontuithe sin na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 207(2) go (4) agus i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

tá éifeacht dlí ag na comhaontuithe sin agus tá siad inchurtha i bhfeidhm ó thaobh dlí, i ngach dlínse ábhartha, lena n-áirítear i gcás dócmhainneachta nó féimheachta contrapháirtí;

(b) 

tugtar an ceart iontu don pháirtí neamh-mhainneachtana gach idirbheart a fhoirceannadh nó a dhúnadh go tráthúil faoin gcomhaontú i gcás mainneachtana, lena n-áirítear i gcás féimheachta nó dócmhainneachta contrapháirtí;

(c) 

déantar foráil leo maidir le gnóthachain agus caillteanais a ghlanluacháil ar idirbhearta a dúnadh faoi chomhaontú sa chaoi is go mbeidh aon ghlanluach amháin ag páirtí amháin ar an bpáirtí eile.

Airteagal 207 Ceanglais maidir le comhthaobhacht airgeadais -
Airteagal 208 Ceanglais maidir le comhthaobhacht maoine dochorraithe -
Airteagal 209 Ceanglais maidir le hearraí infhaighte -
Airteagal 210 Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile

Airteagal 210

Ceanglais maidir le comhthaobhacht fhisiceach eile

Cáileoidh comhthaobhacht fhisiceach seachas comhthaobhacht maoine dochorraithe mar chomhthaobhacht incháilithe faoin gChur Chuige IBR i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

beidh an comhaontú comhthaobhachta faoina soláthraítear an chomhthaobhacht fhisiceach d'institiúid éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm le dlí i ngach dlínse iomchuí agus cuirfear ar chumas na hinstitiúide sin luach na comhthaobhachta a réadú laistigh d'amchlár réasúnta;

(b) 

cé is moite de na héilimh chéadtosaíochta incheadaithe dá dtagraítear in Airteagal 209(2)(b), ní cháileofar ach túsliain nó muirir ar chomhthaobhacht mar chomhthaobhacht incháilithe agus beidh tús áite ag institiúid thar gach iasachtaí eile ó thaobh fháltais réadaithe na comhthaobhachta;

(c) 

déanfaidh institiúidí faireachán ar luach na comhthaobhachta go minic agus uair amháin sa bhliain ar a laghad. Déanfaidh institiúidí faireachán níos minice sa chás go bhfuil an margadh faoi réir athruithe suntasacha dálaí;

(d) 

áireofar ar an gcomhaontú iasachta tuairiscí mionsonraithe ar an gcomhthaobhacht mar aon le sonraíochtaí mionsonraithe ar mhodh agus ar mhinicíocht an athluachála;

(e) 

déanfaidh institiúidí na cineálacha comhthaobhachta fisicí a nglacann siad leo agus na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm acu maidir le méid iomchuí gach cineáil chomhthaobhachta i gcoibhneas le méid na ►C9  neamhchosanta ◄ a dhoiciméadú go soiléir i mbeartais agus i nósanna imeachta creidmheasa a bheidh ar fáil lena scrúdú;

(f) 

tabharfar aghaidh i mbeartais chreidmheasa institiúidí maidir le struchtúr na n-idirbheart ar na nithe seo a leanas:

(i) 

ceanglais chomhthaobhachta iomchuí i gcoibhneas le méid na ►C9  neamhchosanta ◄ ;

(ii) 

an cumas an chomhthaobhacht a leachtú go héasca;

(iii) 

an cumas praghas nó margadhluach a bhunú go hoibiachtúil;

(iv) 

an mhinicíocht lenar féidir an luach a fháil go héasca, lena n-áirítear breithmheas gairmiúil nó luacháil ghairmiúil;

(v) 

luaineacht nó ionadaí luaineacht luach na comhthaobhachta;

▼M17

(g) 

cuirfidh institiúidí san áireamh ina iomláine gach meath nó dífheidhmeacht maidir leis an gcomhthaobhacht agus an luacháil tosaigh agus an athluacháil á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad aird faoi leith ar an tionchar a bhíonn ag imeacht ama ar chomhthaobhachtaí atá íogair ó thaobh cúrsaí faisin nó dáta; maidir le comhthaobhacht fhisiceach, tabharfar aird i ndífheidhmeacht na comhthaobhachta ar cheisteanna luachála a bhaineann le CSR atá bainteach le toirmisc nó teorainneacha arna bhforchur faoi chuspóirí rialála agus gníomhartha dlí ábhartha an Aontais agus na mBallstát agus, i gcás inarb ábhartha d’institiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, faoi chuspóirí dlí agus rialála tríú tír;

▼B

(h) 

beidh an ceart ag institiúidí iniúchadh fisiceach a dhéanamh ar an gcomhthaobhacht. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu freisin ina dtabharfar aghaidh ar fheidhmiú a gcirt chun iniúchadh fisiceach a dhéanamh;

(i) 

beidh an chomhthaobhacht a nglacfar leis mar chosaint árachaithe a dóthain i gcoinne ►C9  riosca ◄ damáiste agus beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí chun faireachán a dhéanamh air sin.

▼M17

I gcás ina soláthraíonn comhaontuithe urraithe ginearálta, nó foirmeacha eile muirir chomhlúthaigh, éileamh cláraithe don institiúid iasachtaí ar shócmhainní cuideachta agus i gcás ina gcuimsítear leis an éileamh sin idir shócmhainní nach bhfuil incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Chur Chuige IRB agus shócmhainní atá incháilithe mar chomhthaobhacht faoi Chur Chuige IRB, féadfaidh an institiúid na sócmhainní deireanacha sin a aithint mar chosaint creidmheasa chistithe incháilithe. Sa chás sin, beidh an t-aitheantas sin ag brath ar na sócmhainní sin a bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir le hincháilitheacht comhthaobhachta faoi Chur Chuige IRB mar a leagtar amach sa Chaibidil seo.

▼B

Airteagal 211 Ceanglais maidir le►C9neamhchosaintí◄ar léasanna a láimhseáil mar►C9neamhchosaintí◄comhthaobhaithe

Airteagal 211

▼C2

Ceanglais maidir le ►C9  neamhchosaintí ◄ ar léasanna a láimhseáil mar ►C9  neamhchosaintí ◄ comhthaobhaithe

▼B

Láimhseálfaidh institiúidí ►C9  neamhchosaintí ◄ a thagann as idirbhearta léasaithe mar ►C9  neamhchosaintí ◄ atá comhthaobhaithe leis an gcineál maoine atá léasaithe, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

comhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 208 nó 210, de réir mar is infheidhme, maidir leis an gcineál maoine a bheidh léasaithe le cáiliú mar chomhthaobhacht incháilithe;

(b) 

tá bainistíocht ►C9  riosca ◄ stóinsithe i bhfeidhm ag an léasóir maidir leis an úsáid a bhaintear as an tsócmhainn léasaithe, an suíomh ina bhfuil sí agus an aois atá aici agus an tréimhse atá beartaithe í a úsáid, lena n-áirítear faireachán iomchuí a dhéanamh ar luach an urrúis;

(c) 

tá úinéireacht dhlíthiúil ag an léasóir ar an tsócmhainn agus tá sé ábalta a chearta mar úinéir a fheidhmiú go tráthúil;

(d) 

sa chás nár fionnadh é sin agus leibhéal an LGD á ríomh, níl an difríocht idir luach an méid gan amúchadh agus margadhluach an urrúis chomh mór sin is go ndéanfaí meastachán thar ceart ar an maolú ►C9  riosca ◄ creidmheasa a chuirtear i leith na sócmhainní léasaithe.

Airteagal 212 Ceanglais maidir le cosaint chistithe creidmheasa eile -

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas