|
+Airteagal 209 2. |
Airteagal 209 2.Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:
(a)
beidh an sásra dlíthiúil lena soláthrófar an chomhthaobhacht d'institiúid iasachtaí stóinsithe agus éifeachtach agus áiritheoidh sí go mbeidh cearta soiléire ag an institiúid ar an gcomhthaobhacht lena n-áirítear an ceart ar na fáltais tar éis an chomhthaobhacht a dhíol;
(b)
déanfaidh institiúidí gach beart is gá chun riachtanais áitiúla a chomhlíonadh maidir le hin-fhorfheidhmitheacht leas urrúis. Beidh éileamh chéadtosaíochta ag institiúidí iasachtaí ar an gcomhthaobhacht cé go bhféadfadh sé go mbeadh éilimh den sórt sin faoi réir éileamh na gcreidiúnaithe tosaíochta dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta;
(c)
beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí;
(d)
déanfaidh siad a socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu maidir le comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;
(e)
beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar aon choinníollacha dlíthiúla is gá chun mainneachtain iasachtaí a dhearbhú agus comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;
(f)
i gcás struis nó mainneachtana airgeadais iasachtaí, beidh údarás dlíthiúil ag institiúidí na hearraí infhaighte a dhíol le páirtithe eile nó a shannadh dóibh gan toiliú oibleagáideoirí na n-earraí infhaighte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|