+Airteagal 209 Ceanglais maidir le hearraí infhaighte
---+Airteagal 209 1.
---+Airteagal 209 2.
---+Airteagal 209 3.

Airteagal 209 Ceanglais maidir le hearraí infhaighte

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 209 1.
Cáileofar earraí infhaighte mar chomhthaobhacht incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na ceanglais ar fad a leagtar síos i míreanna 2 go 3.
Airteagal 209 2.

Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le deimhneacht dhlíthiúil:

(a) 

beidh an sásra dlíthiúil lena soláthrófar an chomhthaobhacht d'institiúid iasachtaí stóinsithe agus éifeachtach agus áiritheoidh sí go mbeidh cearta soiléire ag an institiúid ar an gcomhthaobhacht lena n-áirítear an ceart ar na fáltais tar éis an chomhthaobhacht a dhíol;

(b) 

déanfaidh institiúidí gach beart is gá chun riachtanais áitiúla a chomhlíonadh maidir le hin-fhorfheidhmitheacht leas urrúis. Beidh éileamh chéadtosaíochta ag institiúidí iasachtaí ar an gcomhthaobhacht cé go bhféadfadh sé go mbeadh éilimh den sórt sin faoi réir éileamh na gcreidiúnaithe tosaíochta dá bhforáiltear i bhforálacha reachtaíochta;

(c) 

beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúidí lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na socruithe comhthaobhachta i ngach dlínse iomchuí;

(d) 

déanfaidh siad a socruithe comhthaobhachta a dhoiciméadú mar is cuí agus beidh nósanna imeachta soiléire agus stóinsithe i bhfeidhm acu maidir le comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;

(e) 

beidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag institiúidí lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar aon choinníollacha dlíthiúla is gá chun mainneachtain iasachtaí a dhearbhú agus comhthaobhacht a bhailiú go tráthúil;

(f) 

i gcás struis nó mainneachtana airgeadais iasachtaí, beidh údarás dlíthiúil ag institiúidí na hearraí infhaighte a dhíol le páirtithe eile nó a shannadh dóibh gan toiliú oibleagáideoirí na n-earraí infhaighte.

Airteagal 209 3.

Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas maidir le bainistíocht ►C9  riosca ◄ :

(a) 

beidh próiseas fónta i bhfeidhm ag institiúid chun an ►C9  riosca ◄ creidmheasa a bhaineann leis na hearraí infhaighte a chinneadh. Áireofar i bpróiseas den sórt sin anailísí ar ghnólacht agus ar thionscal an iasachtaí agus ar na cineálacha custaiméirí lena ndéanann an t-iasachtaí sin gnó. I gcás go mbraitheann institiúid ar a hiasachtaithe chun ►C9  riosca ◄ creidmheasa na gcustaiméirí a fhionnadh, déanfaidh an institiúid athbhreithniú ar chleachtais chreidmheasa na n-iasachtaithe d'fhonn a chreidiúnaí agus a fhónta atá siad a fhionnadh;

(b) 

léireoidh an difríocht idir méid na ►C9  neamhchosanta ◄ agus luach na n-earraí infhaighte na fachtóirí iomchuí uile, lena n-áirítear costas an bhailithe, comhchruinniú laistigh de chomhthiomsú na n-earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí ar leith, agus an comhchruinniú ►C9  riosca ◄ a d'fhéadfadh a bheith ann laistigh de ►C9  neamhchosaintí ◄ iomlána na hinstitiúide os cionn an méid a rialaítear le modheolaíocht ghinearálta na hinstitiúide. Déanfaidh institiúidí próiseas faireacháin leanúnach atá oiriúnach do na hearraí infhaighte. Déanfaidh siad athbhreithniú, ar bhonn rialta chomh maith, ar chomhlíonadh cúnant iasachtaí, srianta comhshaoil, agus ceanglas dlíthiúil eile;

(c) 

déanfar earraí infhaighte arna gcur i ngeall ag iasachtaí a éagsúlú agus ní dhéanfar iad a a chomhghaolú go míchuí leis an iasachtaí sin. I gcás go bhfuil comhghaol deimhneach ábhartha i gceist, cuirfidh institiúidí ►C9  riosca ◄ coimhdeach san áireamh i socrú na n-corrlaigh le haghaidh chomhthiomsú na comhthaobhachta ina hiomláine;

(d) 

ní úsáidfidh institiúidí earraí infhaighte ó chleamhnaithe iasachtaí, lena n-áirítear fochuideachtaí agus fostaithe, mar chosaint creidmheasa incháilithe;

(e) 

beidh próiseas doiciméadaithe i bhfeidhm ag institiúid trína mbaileofar íocaíochtaí infhála i gcásanna struis. Beidh na saoráidí riachtanacha ag institiúidí le híocaíochtaí a bhailiú fiú amháin más gnách leo brath ar a gcuid iasachtaithe lena mbailiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas