+Airteagal 213 Ceanglais a bhaineann le ráthaíochtaí agus le díorthaigh chreidmheasa araon
---+Airteagal 213 1.
---+Airteagal 213 2.
---+Airteagal 213 3.
|
Airteagal 213 Ceanglais a bhaineann le ráthaíochtaí agus le díorthaigh chreidmheasa araon
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 213 1.
|
Faoi réir Airteagal 214(1), cáileoidh cosaint creidmheasa a eascraíonn ó ráthaíocht nó ó dhíorthach creidmheasa mar chosaint creidmheasa neamhchistithe incháilithe i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
is cosaint creidmheasa dhíreach í an chosaint creidmheasa;
(b)
tá méid na cosanta creidmheasa leagtha amach go soiléir agus ní fhéadfar é a chonspóid;
(c)
níl aon chlásal i gconradh na cosanta creidmheasa, a bhfuil a chomhlíonadh lasmuigh de rialú díreach na hinstitiúide iasachtaí, a d'fhágfadh:
(i)
go bhféadfadh an soláthraí cosanta an chosaint creidmheasa a chealú nó a athrú go haontaobhach;
(ii)
go dtiocfadh méadú ar chostas éifeachtach na cosanta creidmheasa mar thoradh ar cháilíocht chreidmheasa na neamhchosanta faoi chosaint a bheith ag meathlú;
(iii)
go bhféadfaí cosc a chur ar oibleagáid a bheith ar sholáthraí na cosanta íocaíocht a dhéanamh go tráthúil i gcás nach ndéanfaidh an t-oibleagáideoir bunaidh íocaíochtaí ar bith atá dlite a íoc, nó i gcás ina mbeadh an conradh léasaithe tar éis dul in éag chun luach iarmharach ráthaithe a aithint faoi Airteagail 134(7) agus 166(4);
(iv)
go bhféadfadh soláthraí na cosanta aibíocht na cosanta creidmheasa a laghdú;
(d)
tá conradh na cosanta creidmheasa éifeachtach agus inchurtha i bhfeidhm go dlíthiúil i ngach dlínse is iomchuí tráth an comhaontú creidmheasa a bheith á thabhairt i gcrích.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), ní dhéanfaidh clásal i gconradh na cosanta creidmheasa lena bhforáiltear go gcealófar nó go laghdófar méid na cosanta creidmheasa arna tairiscint ag an ráthóir i gcás dícheall cuí lochtach nó calaois a bheith déanta ag an institiúid iasachtaí an chosaint creidmheasa sin a dhícháiliú óna bheith incháilithe. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), féadfaidh an soláthraí cosanta aon íocaíocht chnapshuime amháin a dhéanamh ar an airgead uile atá dlite faoin éileamh, nó féadfaidh sé glacadh le hoibleagáidí íocaíochta todhchaíocha an oibleagáideora arna gcumhdach leis an gconradh cosanta creidmheasa.
|
|
Airteagal 213 2.
|
Léireoidh institiúid d'údaráis inniúla go bhfuil córais i bhfeidhm aici chun comhchruinniú
►C9
riosca ◄ a d'fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh na húsáide a bhaineann sí as ráthaíochtaí agus díorthaigh chreidmheasa a bhainistiú. Beidh institiúid ábalta an chaoi a n-idirghníomhaíonn a straitéis maidir leis an úsáid a bhaineann sí as díorthaigh chreidmheasa agus as ráthaíochtaí leis an bhainistíocht a dhéanann sí ar a próifíl
►C9
riosca ◄ fhoriomlán a léiriú chun sástachta na n-údarás inniúil.
|
|
Airteagal 213 3.
|
Comhlíonfaidh institiúid aon cheanglas conartha agus reachtúil i leith in-fhorfheidhmitheacht a gcosanta neamhchistithe creidmheasa faoin dlí is infheidhme maidir lena leas sa chosaint chreidmheasa, agus déanfaidh sí na bearta is gá d'fhonn é sin a áirithiú. Beidh athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag institiúid lena ndearbhaítear in-fhorfheidhmitheacht na cosanta neamhchistithe creidmheasa i ngach dlínse iomchuí. Déanfaidh sí athbhreithniú den sórt sin arís de réir mar is gá d'fhonn in-fhorfheidhmitheacht leanúnach a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|