|
+Airteagal 214 1. |
Airteagal 214 1.Féadfaidh institiúidí na ►C9 neamhchosaintí ◄ dá dtagraítear i mír 2 a láimhseáil mar ►C9 neamhchosaint ◄ atá faoi chosaint ráthaíochta arna soláthar ag na heintitis a liostaítear sa mhír sin, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
cumhdaítear gach eilimint ►C9 riosca ◄ creidmheasa den éileamh faoin bhfrithráthaíocht;
(b)
comhlíonann an ráthaíocht bhunaidh agus an fhrithráthaíocht na ceanglais le haghaidh ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagail 213 agus 215(1), ach amháin nach gcaithfidh an fhrithráthaíocht a bheith díreach;
(c)
tá an cumhdach stóinsithe agus ní léir ó aon rud san fhianaise stairiúil nach bhfuil cumhdach na frithráthaíochta coibhéiseach le cumhdach ráthaíochta dírí ón eintiteas i gceist. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|