+Airteagal 222 Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais
---+Airteagal 222 1.
---+Airteagal 222 2.
---+Airteagal 222 3.
---+Airteagal 222 4.
---+Airteagal 222 5.
---+Airteagal 222 6.
---+Airteagal 222 7.

Airteagal 222 Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 222 1.
Ní fhéadfaidh institiúidí an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais a úsáid ach amháin i gcás ina ríomhann siad méideanna ►C9  neamhchosanta ◄ a ualaítear ó thaobh ►C9  riosca ◄ faoin gCur Chuige Caighdeánaithe. Ní úsáidfidh institiúidí an Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais agus an Modh Cuimsitheach Comhthaobhach Airgeadais araon, ach amháin chun críocha Airteagail 148(1) agus 150(1). Ní úsáidfidh institiúidí an eisceacht seo go roghnaitheach ar mhaithe le ceanglais cistí dílse a bhaint amach nó ar mhaithe le arbatráiste rialála a stiúradh.
Airteagal 222 2.
Faoin Modh Simplí Comhthaobhach Airgeadais sannfaidh institiúidí luach atá cothrom lena margadhluach do comhthaobhacht airgeadais incháilithe arna chinneadh i gcomhréir le pointe (d) d'Airteagal 207(4).
Airteagal 222 3.
Sannfaidh institiúidí an t-ualú riosca a shannfaidís faoi Chaibidil 2 mar a raibh neamhchosaint dhíreach ag an institiúid iasachtaí ar an ionstraim chomhthaobhachta do na codanna sin de luachanna na neamhchosanta atá comhthaobhaithe le margadhluach na comhthaobhachta incháilithe. Chun na críche sin, beidh luach neamhchosanta ítime atá lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I cothrom le 100 % de luach na hítime seachas luach na neamhchosanta a shonraítear in Airteagal 111(2) a bheith ann.
Airteagal 222 4.
Sannfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 0 % don chuid chomhthaobhaithe den ►C9  neamhchosaint ◄ a thagann as idirbhearta athcheannaigh agus idirbhearta maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht a chomhlíonann na critéir in Airteagal 227. I gcás nach príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí san idirbheart, sannfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 10 %.
Airteagal 222 5.
Sannfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 0 %, de réir mhéid an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, do luachanna na ►C9  neamhchosanta ◄ arna gcinneadh faoi Chaibidil 6 i gcás na n-ionstraimí díorthacha a liostaítear in Iarscríbhinn II agus faoi réir marcáil laethúil ón margadh, luachanna a bheidh comhthaobhaithe le hairgead nó le hionstraimí comhshamhlaithe airgid i gcás nach bhfuil neamhréir airgeadra i gceist.

Sannfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 10 %, de réir mhéid an tsoláthair urrúis chomhthaobhaigh, do luachanna ►C9  neamhchosanta ◄ na n-idirbheart sin a bheidh comhthaobhaithe le hurrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais dá sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % faoi Chaibidil 2.

Airteagal 222 6.

I gcás idirbheart seachas na cinn sin dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5, féadfaidh institiúidí ►C9  ualach riosca ◄ 0 % a shannadh i gcás ina mbeidh an ►C9  neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht ainmnithe san airgeadra céanna, agus i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

airgead i dtaisce nó ionstraim chomhshamhlaithe airgid is ea an chomhthaobhacht;

(b) 

tá an chomhthaobhacht i bhfoirm urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais a cháilíonn ►C9  d'ualach riosca ◄ 0 % faoi Airteagal 114, agus rinneadh lascaine 20 % ar a mhargadhluach.

Airteagal 222 7.

Chun críocha mhíreanna 5 agus 6, áireofar ar “urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais láir nó ag bainc cheannais” na nithe seo a leanas:

(a) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais réigiúnacha nó ag údaráis áitiúla, ►C9  neamhchosaintí ◄ a láimhseáiltear mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar an rialtas láir a bhfuil siad bunaithe ina dhlínse faoi Airteagal 115;

(b) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag bainc forbartha iltaobhacha a sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 117(2) nó de bhua Airteagal 117(2);

(c) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a sanntar ►C9  ualach riosca ◄ 0 % dóibh faoi Airteagal 118.

(d) 

urrúis fiachais arna n-eisiúint ag eintitis earnála poiblí a láimhseáiltear mar ►C9  neamhchosaintí ◄ ar rialtais láir i gcomhréir le hAirteagal 116(4).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas