+Airteagal 223 1.

Airteagal 223 1.

D'fhonn luaineacht praghsanna a chur san áireamh, cuirfidh institiúidí coigeartuithe luaineachta i bhfeidhm maidir le margadhluach na comhthaobhachta, mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227, agus comhthaobhacht airgeadais á luacháil chun críocha an Mhodha Chuimsithigh Chomhthaobhaigh Airgeadais.

I gcás ina mbeidh comhthaobhacht ainmnithe in airgeadra atá éagsúil leis an airgeadra ina bhfuil an ►C9  neamhchosaint ◄ fholuiteach ainmnithe, cuirfidh institiúidí coigeartú leis a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta atá iomchuí don chomhthaobhacht mar a leagtar amach in Airteagail 224 go 227.

I gcás idirbheart díorthach thar an gcuntar arna gcumhdach faoi chomhaontuithe glanluachála a aithníonn na húdaráis inniúla faoi Chaibidil 6, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta i bhfeidhm a léireoidh luaineacht airgeadra ar an gcoigeartú luaineachta nuair a bheidh neamhréir idir an t-airgeadra comhthaobhachta agus an t-airgeadra socraíochta. Fiú nuair atá airgeadraí éagsúla i gceist sna hidirbhearta arna gcumhdach faoin gcomhaontú glanluachála, cuirfidh institiúidí coigeartú luaineachta aonair i bhfeidhm.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas