|
+Airteagal 243 2. |
Airteagal 243 2.Suíomhanna in urrúsú, seachas clár ABCP nó idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, beidh siad incháilithe maidir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
(a)
níl luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair sa chomhthiomsú os cionn 2 % de luachanna risíochta na luachanna risíochta gan íoc comhiomlánaithe i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth a gcuimsithe san urrúsú. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile. I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe;
(b)
i gcás ina gcomhlíonann na risíochtaí foluiteacha na coinníollacha maidir le sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe tráth a gcuimsithe san urrúsú agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, tá an t-ualú priacail cothrom leis an méid seo a leanas nó faoina bhun:
(i)
40 % ar bhonn mheánualú na risíochtaí le haghaidh na punainne i gcás ina bhfuil na risíochtaí ina n-iasachtaí arna n-urrú ag morgáistí cónaithe nó iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 129(1);
(ii)
50 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar iasacht arna hurrú ag morgáiste tráchtála í an risíocht;
(iii)
75 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar risíocht mhiondíola í an risíocht;
(iv)
i gcás aon risíochtaí eile, 100 % ar bhonn risíocht aonair;
(c)
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) agus (b)(ii), ní chuimseofar na hiasachtaí a urraíodh le cearta urrúis ar chéim níos ísle ar shócmhainn áirithe san urrúsú ach amháin i gcás ina bhfuil na hiasachtaí uile a urraíodh le cearta urrúis réamhthosaíochta ar an tsócmhainn sin cuimsithe san urrúsú freisin;
(d)
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) den mhír seo, ní bheidh cóimheas iasacht/luach os cionn 100 % ag aon iasacht i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth an chuimsithe san urrúsú, arna thomhas i gcomhréir le pointe (d)(i) d’Airteagal 129(1) agus le hAirteagal 229(1). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|