+Airteagal 243 Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil
---+Airteagal 243 1.
---+Airteagal 243 2.
|
Airteagal 243 Critéir le haghaidh Urrúsuithe STC a cháilíonn do láimhseáil dhifreáilte caipitil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 243 1.
|
Beidh suíomhanna i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
(a)
maidir leis na risíochtaí foluiteacha, comhlíonfaidh siad, tráth a gcuirfear leis an gclár ABCP iad, chomh fada agus is eol don tionscnóir nó don iasachtóir bunaidh, na coinníollacha maidir lena sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, agus beidh acu ualú priacail is cothrom le 75 % nó is ísle ná sin ar bhonn risíocht aonair más risíocht mhiondíola í an risíocht nó 100 % i gcás aon risíochtaí eile; agus
(b)
ní mó ná 2 % de luach na risíochtaí uile atá laistigh den chlár ABCP luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair ar leibhéal an chláir ABCP tráth a gcuirfear na risíochtaí leis an gclár ABCP. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile, chomh fada agus is eol don urraitheoir.
I gcás earraí infhaighte trádála, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír má tá
►C11
riosca ◄ creidmheasa na n-earraí infhaighte trádála sin faoi chumhdach iomlán ag cosaint chreidmheasa incháilithe i gcomhréir le Caibidil 4, ar choinníoll gur institiúid, gnólacht infheistíochta, gnóthas árachais nó gnóthas athárachais é soláthraí na cosanta sa chás sin. I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag pointe (b) den chéad fhomhír i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug an tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe. De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír, i gcás ina gcuireann an institiúid an fhoráil a leagtar síos in Airteagal 248(3), i bhfeidhm nó inar tugadh cead di úsáid a bhaint as Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh i gcomhréir le hAirteagal 265, is coibhéiseach le 100 % nó níos lú an t-ualú priacail sin a shannfadh an institiúid sin do shaoráid leachtachta lena gcuimsítear go hiomlán an ABCP a eisítear faoin gclár.
|
|
Airteagal 243 2.
|
Suíomhanna in urrúsú, seachas clár ABCP nó idirbheart ABCP a cháilíonn mar shuíomhanna in urrúsú STC, beidh siad incháilithe maidir leis an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 260, Airteagal 262 agus Airteagal 264 i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
(a)
níl luach risíochta comhiomlánaithe na risíochtaí uile ar oibleagáideoir aonair sa chomhthiomsú os cionn 2 % de luachanna risíochta na luachanna risíochta gan íoc comhiomlánaithe i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth a gcuimsithe san urrúsú. Chun críocha an ríomha sin, measfar gur risíochtaí ar oibleagáideoir aonair iasachtaí nó léasanna do ghrúpa cliant atá nasctha le chéile.
I dtaca le luachanna léasaithe iarmharacha urrúsaithe, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás nach bhfuil na luachanna sin ar ris ar phriacal um athmhaoiniú nó um athcheannach i ngeall ar ghealltanas is infhorghníomhaithe le dlí a thug tríú páirtí is incháilithe faoi Airteagal 201(1) maidir leis an risíocht sin a athcheannach nó a athmhaoiniú ar shuim réamhchinntithe;
(b)
i gcás ina gcomhlíonann na risíochtaí foluiteacha na coinníollacha maidir le sannadh, faoin gCur Chuige Caighdeánaithe tráth a gcuimsithe san urrúsú agus aon mhaolú incháilithe ar phriacal á chur san áireamh, tá an t-ualú priacail cothrom leis an méid seo a leanas nó faoina bhun:
(i)
40 % ar bhonn mheánualú na risíochtaí le haghaidh na punainne i gcás ina bhfuil na risíochtaí ina n-iasachtaí arna n-urrú ag morgáistí cónaithe nó iasachtaí cónaithe atá ráthaithe go hiomlán, amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 129(1);
(ii)
50 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar iasacht arna hurrú ag morgáiste tráchtála í an risíocht;
(iii)
75 % ar bhonn risíocht aonair i gcás inar risíocht mhiondíola í an risíocht;
(iv)
i gcás aon risíochtaí eile, 100 % ar bhonn risíocht aonair;
(c)
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) agus (b)(ii), ní chuimseofar na hiasachtaí a urraíodh le cearta urrúis ar chéim níos ísle ar shócmhainn áirithe san urrúsú ach amháin i gcás ina bhfuil na hiasachtaí uile a urraíodh le cearta urrúis réamhthosaíochta ar an tsócmhainn sin cuimsithe san urrúsú freisin;
(d)
i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b)(i) den mhír seo, ní bheidh cóimheas iasacht/luach os cionn 100 % ag aon iasacht i gcomhthiomsú na risíochtaí foluiteacha tráth an chuimsithe san urrúsú, arna thomhas i gcomhréir le pointe (d)(i) d’Airteagal 129(1) agus le hAirteagal 229(1).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|