+Airteagal 248 1.

Airteagal 248 1.

Déanfar luach risíochta suímh urrúsúcháin a ríomh mar seo a leanas:

(a) 

is é a bheidh i luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis aon choigeartuithe sonracha i leith aon phriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, ar coigeartuithe iad a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 110;

(b) 

is é a bheidh i luach risíochta suíomh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil lúide aon choigeartuithe ábhartha sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis an suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 110, iolraithe faoin bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha a leagtar amach sa phointe seo. Beidh an fachtóir coinbhéartaithe cothrom le 100 %, ach amháin i gcás na saoráidí airleacan airgid. Féadfar fachtóir coinbhéartaithe 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta atá inchealaithe go neamhchoinníollach chun luach risíochta chion neamhtharraingthe na saoráidí airleacan airgid a chinneadh ar an gcoinníoll go bhfuil aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid níos sinsearaí ná aon éilimh eile ar an sreabhadh airgid a thagann as na risíochtaí foluiteacha agus gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil modh coimeádach iomchuí á chur i bhfeidhm aici chun an méid den chion neamhtharraingthe a thomhas;

(c) 

déanfar luach na risíochta ar phriacal creidmheasa suíomhanna urrúsúcháin don chontrapháirtí a thagann ó ionstraim díorthaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6;

(d) 

féadfaidh institiúid tionscnóra méid na gcoigeartuithe i leith na bpriacal creidmheasa sonrach maidir leis na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 110 a asbhaint de luach risíochta suímh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacail 1 250 % sannta dó i gcomhréir le Foroinn 3 nó a asbhaintear de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1), agus aon lascainí neamh-inaisíoctha ar an bpraghas ceannaigh atá nasctha le risíochtaí foluiteacha den chineál sin a mhéid a bhfuil a gcistí dílse laghdaithe acu;

▼M13

(e) 

áireofar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme, sa luach risíochta ar bharrachas raoin difríochta shintéisigh:

(i) 

aon ioncam ó na risíochtaí urrúsaithe a d’aithin an institiúid tionscnóra cheana ina ráiteas ar ioncam faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ar ioncam é a rinne an institiúid tionscnóra a ainmniú go conarthach i leith an idirbhirt mar bharrachas raoin difríochta shintéisigh agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;

(ii) 

aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra in aon tréimhsí san am atá thart agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;

(iii) 

aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra don tréimhse reatha agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;

(iv) 

aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra do thréimhsí a bheidh ann amach anseo.

Chun críocha an phointe seo, ní áireofar sa luach risíochta aon mhéid a sholáthraítear mar fheabhsú comhthaobhachta nó creidmheasa maidir leis an urrúsú sintéiseach agus atá faoi réir ceanglas cistí dílse cheana i gcomhréir leis an gCaibidil seo.

▼M5

Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú cad is modh coimeádach iomchuí ann chun an méid den chion neamhtharraingthe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a thomhas.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas