+Airteagal 248 Luach na risíochta
---+Airteagal 248 1.
---+Airteagal 248 2.
---+Airteagal 248 3.
---+Airteagal 248 4.
|
Airteagal 248 Luach na risíochta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 248 1.
|
Déanfar luach risíochta suímh urrúsúcháin a ríomh mar seo a leanas:
(a)
is é a bheidh i luach risíochta suíomhanna urrúsúcháin laistigh den chlár comhardaithe ná a luach cuntasaíochta a bheidh fágtha tar éis aon choigeartuithe sonracha i leith aon phriacal creidmheasa a chur i bhfeidhm, ar coigeartuithe iad a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 110;
(b)
is é a bheidh i luach risíochta suíomh urrúsúcháin lasmuigh den chlár comhardaithe ná a luach ainmniúil lúide aon choigeartuithe ábhartha sonracha i leith priacal creidmheasa a bhaineann leis an suíomh urrúsúcháin i gcomhréir le hAirteagal 110, iolraithe faoin bhfachtóir coinbhéartaithe ábhartha a leagtar amach sa phointe seo. Beidh an fachtóir coinbhéartaithe cothrom le 100 %, ach amháin i gcás na saoráidí airleacan airgid. Féadfar fachtóir coinbhéartaithe 0 % a chur i bhfeidhm maidir le méid ainmniúil saoráide leachtachta atá inchealaithe go neamhchoinníollach chun luach risíochta chion neamhtharraingthe na saoráidí airleacan airgid a chinneadh ar an gcoinníoll go bhfuil aisíoc na dtarraingtí ar an tsaoráid níos sinsearaí ná aon éilimh eile ar an sreabhadh airgid a thagann as na risíochtaí foluiteacha agus gur léirigh an institiúid chun sástacht an údaráis inniúil go bhfuil modh coimeádach iomchuí á chur i bhfeidhm aici chun an méid den chion neamhtharraingthe a thomhas;
(c)
déanfar luach na risíochta ar phriacal creidmheasa suíomhanna urrúsúcháin don chontrapháirtí a thagann ó ionstraim díorthaigh a liostaítear in Iarscríbhinn II a chinneadh i gcomhréir le Caibidil 6;
(d)
féadfaidh institiúid tionscnóra méid na gcoigeartuithe i leith na bpriacal creidmheasa sonrach maidir leis na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 110 a asbhaint de luach risíochta suímh urrúsúcháin a bhfuil ualú priacail 1 250 % sannta dó i gcomhréir le Foroinn 3 nó a asbhaintear de chaipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1), agus aon lascainí neamh-inaisíoctha ar an bpraghas ceannaigh atá nasctha le risíochtaí foluiteacha den chineál sin a mhéid a bhfuil a gcistí dílse laghdaithe acu;
▼M13
(e)
áireofar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme, sa luach risíochta ar bharrachas raoin difríochta shintéisigh:
(i)
aon ioncam ó na risíochtaí urrúsaithe a d’aithin an institiúid tionscnóra cheana ina ráiteas ar ioncam faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ar ioncam é a rinne an institiúid tionscnóra a ainmniú go conarthach i leith an idirbhirt mar bharrachas raoin difríochta shintéisigh agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;
(ii)
aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra in aon tréimhsí san am atá thart agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;
(iii)
aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra don tréimhse reatha agus atá fós ar fáil chun caillteanais a ionsú;
(iv)
aon bharrachas raoin difríochta shintéisigh arna ainmniú go conarthach ag an institiúid tionscnóra do thréimhsí a bheidh ann amach anseo.
Chun críocha an phointe seo, ní áireofar sa luach risíochta aon mhéid a sholáthraítear mar fheabhsú comhthaobhachta nó creidmheasa maidir leis an urrúsú sintéiseach agus atá faoi réir ceanglas cistí dílse cheana i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
▼M5
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun a shonrú cad is modh coimeádach iomchuí ann chun an méid den chion neamhtharraingthe dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a thomhas. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Eanáir 2019. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 248 2.
|
I gcás ina bhfuil dhá shuíomh fhorluiteacha nó níos mó ag institiúid in urrúsú, ní áireoidh sí ach ceann amháin dá suíomhanna le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh. I gcás ina bhfuil na suíomhanna forluiteach i bpáirt, féadfaidh an institiúid an suíomh a dheighilt ina dhá chuid agus gan an forluí a aithint ach i ndáil le cuid amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhalairt air sin, féadfaidh an institiúid déileáil leis na suíomhanna amhail is go raibh siad iomlán forluiteach tríd an suíomh a thugann na méideanna risíochta atá ualaithe níos airde ó thaobh priacail a fhairsingiú chun críocha ríomh caipitil. Féadfaidh an institiúid forluí a aithint idir na ceanglais cistí dílse faoi phriacal sonrach i leith suíomhanna sa leabhar trádála agus na ceanglais cistí dílse i leith suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála, ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid ceanglais cistí dílse i leith na suíomhanna ábhartha a ríomh agus a chur i gcomparáid le chéile. Chun críocha na míre seo measfar dhá shuíomh a bheith forluiteach i gcás ina bhfuil siad ag fritháireamh a chéile go frithpháirteach i gcaoi ar féidir leis an institiúid na caillteanais a thiocfadh as suíomh amháin a sheachaint trí na hoibleagáidí a cheanglaítear faoin suíomh eile a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 248 3.
|
I gcás ina bhfuil feidhm ag pointe d d’Airteagal 270c maidir le suíomhanna san ABCP, féadfaidh an institiúid an t-ualú priacail atá sannta do shaoráid leachtachta a úsáid d’fhonn an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail don ABCP a ríomh, ar an gcoinníoll go gcumhdaíonn an tsaoráid leachtachta 100 % den ABCP atá eisithe ag an gclár ABCP agus go bhfuil an tsaoráid leachtachta ar comhchéim leis an ABCP ionas gur suíomhanna forluiteacha iad. I gcás inar chuir sí na forálacha a leagtar síos sa mhír seo i bhfeidhm, tabharfaidh an institiúid fógra do na húdaráis inniúla faoi sin. Chun an cumhdach 100 % a leagtar amach sa mhír seo a fháil amach, féadfaidh an institiúid saoráidí leachtachta eile sa chlár ABCP a chur san áireamh, ar an gcoinníoll go bhfuil suíomh forluiteach acu leis an ABCP.
|
|
Airteagal 248 4.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar an gcaoi a gcinnfidh na hinstitiúidí tionscnóra an luach risíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1, agus aird á tabhairt ar na caillteanais ábhartha a bhfuiltear ag súil leis go gcumhdófar le barrachas an raoin difríochta shintéisigh iad. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Deireadh Fómhair 2021. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|