|
+Airteagal 248 2. |
Airteagal 248 2.I gcás ina bhfuil dhá shuíomh fhorluiteacha nó níos mó ag institiúid in urrúsú, ní áireoidh sí ach ceann amháin dá suíomhanna le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh. I gcás ina bhfuil na suíomhanna forluiteach i bpáirt, féadfaidh an institiúid an suíomh a dheighilt ina dhá chuid agus gan an forluí a aithint ach i ndáil le cuid amháin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. De mhalairt air sin, féadfaidh an institiúid déileáil leis na suíomhanna amhail is go raibh siad iomlán forluiteach tríd an suíomh a thugann na méideanna risíochta atá ualaithe níos airde ó thaobh priacail a fhairsingiú chun críocha ríomh caipitil. Féadfaidh an institiúid forluí a aithint idir na ceanglais cistí dílse faoi phriacal sonrach i leith suíomhanna sa leabhar trádála agus na ceanglais cistí dílse i leith suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar neamhthrádála, ar an gcoinníoll gur féidir leis an institiúid ceanglais cistí dílse i leith na suíomhanna ábhartha a ríomh agus a chur i gcomparáid le chéile. Chun críocha na míre seo measfar dhá shuíomh a bheith forluiteach i gcás ina bhfuil siad ag fritháireamh a chéile go frithpháirteach i gcaoi ar féidir leis an institiúid na caillteanais a thiocfadh as suíomh amháin a sheachaint trí na hoibleagáidí a cheanglaítear faoin suíomh eile a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|