+Airteagal 265 Raon feidhme agus ceanglais oibríochtúla Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh
---+Airteagal 265 1.
---+Airteagal 265 2.
---+Airteagal 265 3.
---+Airteagal 265 4.

Airteagal 265 Raon feidhme agus ceanglais oibríochtúla Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 265 1.
Féadfaidh institiúidí méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail do shuíomhanna gan rátáil ar chláir ABCP nó in idirbhearta ABCP faoi Chur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 266 nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

I gcás ina bhfuil B cead faighte ag institiúid chun Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, agus ina dtagann suíomh sonrach i gclár ABCP nó in idirbheart ABCP laistigh den raon feidhme a chumhdaítear leis an gcead sin, cuirfidh an institiúid an chur chuige sin i bhfedhm chun méid na risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh don suíomh sin.

Airteagal 265 2.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla cead d’institiúidí Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a chur i bhfeidhm laistigh de raon feidhme atá sainithe go soiléir i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) 

is suíomhanna rátáilte na suíomhanna go léir sa pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP;

(b) 

léiríonn an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa an tsuímh an mhodheolaíocht mheasúnaithe atá ag IMCS amháin nó níos mó atá ar fáil don phobal, chun suíomhanna urrúsúcháin atá bunaithe ar risíochtaí foluiteacha den chineál atá urrúsuithe a rátáil;

(c) 

an páipéar tráchtála a eisítear ón gclár ABCP, den chuid is mó eisítear d’infheisteoirí tríú páirtí é;

(d) 

tá próiseas measúnaithe inmheánach na hinstitiúide chomh coimeádach ar a laghad agus measúnuithe na IMCSanna sin atá ar fáil don phobal a sholáthair rátáil sheachtrach don pháipéar tráchtála arna eisiúint ag an gclár ABCP, go háirithe maidir le fachtóirí struis agus gnéithe cainníochtúla ábhartha eile;

(e) 

cuireann modheolaíocht na hinstitiúide maidir le measúnú inmheánach san áireamh gach modheolaíocht rátála ábhartha, atá ar fáil don phobal, de chuid na IMCSanna faoina rátáiltear páipéar tráchtála an chláir ABCP agus cuirtear san áireamh gráid rátála a fhreagraíonn do mheasúnuithe creidmheasa IMCSanna. Tabharfaidh an institiúid ina taifid inmheánacha ráiteas míniúcháin ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach sa phointe seo agus tabharfaidh sí an ráiteas sin cothrom le dáta ar bhonn rialta;

(f) 

úsáideann an institiúid an mhodheolaíocht um measúnú inmheánach chun críocha bainistithe priacail inmheánaigh, lena n-áirítear a próisis cinnteoireachta, bainistíochta faisnéise agus a próisis inmheánacha maidir le leithdháileadh caipitil;

(g) 

déanann iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha, IMCS, nó feidhm inmheánach athbhreithnithe creidmheasa nó bainistíochta priacail na hinstitiúide athbhreithniú rialta ar an bpróiseas measúnaithe inmheánaigh agus ar cháilíocht na measúnuithe inmheánacha arna ndéanamh ar cháilíocht chreidmheasa risíochtaí na hinstitiúide ar chlár ABCP nó ar idirbheart ABCP;

(h) 

déanfaidh an institiúid feidhmíocht a rátálacha inmheánacha a rianú le himeacht ama chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht a modheolaíochta um measúnú inmheánach agus déanfaidh sí an mhodheolaíocht sin a choigeartú, de réir mar is gá, má bhíonn difríocht rialta idir feidhmíocht na risíochtaí agus an fheidhmíocht arna léiriú ag na rátálacha inmheánacha;

(i) 

áireofar leis an gclár ABCP caighdeáin um bainistíocht frithgheallta agus dliteanais i bhfoirm treoirlínte do riarthóir an chláir maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:

(i) 

na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní, faoi réir phointe (j);

(ii) 

cineálacha agus luach airgeadaíoch na risíochtaí mar thoradh ar sholáthar saoráidí leachtachta agus feabhsuithe creidmheasa;

(iii) 

an dáileachán caillteanais idir na suíomhanna urrúsúcháin sa chlár nó san idirbheart ABCP;

(iv) 

aonrú dlíthiúil agus eacnamaíoch na sócmhainní aistrithe ón eintiteas atá i mbun na sócmhainní a dhíol;

(j) 

leis na critéir maidir le hincháilitheacht sócmhainní sa chlár ABCP déantar foráil maidir leis an méid seo a leanas, ar a laghad:

(i) 

eisiamh ceannach sócmhainní atá go mór thar téarma nó ar mainneachtain;

(ii) 

teorannú ró-chomhchruinnithe maidir le limistéar geografach nó oibleagáideoir aonair; agus

(iii) 

teorannú éirim na sócmhainní a bheidh le ceannach;

(k) 

go ndéantar anailís ar phriacail chreidmheasa agus ar phróifíl ghnó dhíoltóir na sócmhainne, lena n-áireofar ar a laghad measúnú:

(i) 

ar fheidhmíocht airgeadais an díoltóra roimhe seo agus ar an bhfeidhmíocht airgeadais is dóigh a bheidh aige amach anseo;

(ii) 

ar shuíomh reatha an díoltóra ar an margadh, agus ar an iomaíochas is dócha a bheidh ann amach anseo;

(iii) 

ar luamhánacht, sreabhadh airgid, cumhdach úis agus rátáil fiachais an díoltóra; agus

(iv) 

ar chaighdeáin frithgheallta, cumas fiachas a sheirbhísiú, agus próisis bailiúcháin an díoltóra;

(l) 

tá beartais agus próisis bailiúcháin ag an gclár ABCP a chuireann cumas oibriúcháin agus cáilíocht chreidmheasa an tseirbhíseora san áireamh agus a chuimsíonn gnéithe a mhaolaíonn priacail a bhaineann le feidhmíocht an díoltóra agus an tseirbhíseora. Chun críocha an phointe seo, féadfar priacail a bhaineann le feidhmíocht a mhaolú trí thucaidí a bheidh bunaithe ar cháilíocht chreidmheasa reatha an díoltóra nó an tseirbhíseora cosc a chur ar mheascadh cistí i gcás mhainneachtain an díoltóra nó an tseirbhíseora;

(m) 

cuirtear san áireamh sa mheastachán comhiomlánaithe caillteanais ar chomhthiomsú sócmhainní a d’fhéadfaí a cheannach faoin gclár ABCP gach foinse a d’fhéadfadh priacal a beith ag baint leo, amhail priacal creidmheasa agus caolúcháin;

(n) 

i gcás ina bhfuil méid na bhfeabhsuithe creidmheasa a sholáthair an díoltóir bunaithe ar chaillteanais a bhaineann le creidmheas agus orthu sin amháin, agus más iomchuí an priacal caolúcháin i gcás an chomhthiomsaithe sócmhainní ar leith sin, is cúlchiste ar leithligh a bheidh sa chlár ABCP le haghaidh priacal caolúcháin;

(o) 

déantar méid an leibhéil fheabhsaithe is gá sa chlár ABCP a ríomh trí aird a thabhairt ar roinnt blianta d’fhaisnéis stairiúil, lena n-áirítear caillteanais, ciontóireacht, caoluithe, agus ráta láimhdeachais earraí infhaighte;

(p) 

sa chlár ABCP, tá gnéithe struchtúracha i gceist le linn risíochtaí a cheannach d’fhonn meathlú creidmheasa féideartha na punainne foluití a mhaolú. D’fhéadfaí tairseacha clabhsúir a bhaineann go sonrach le comhthiomsú risíochtaí a bheith ina ngnéithe sin;

(q) 

déanfaidh an institiúid meastóireacht ar na gnéithe a bhaineann leis an gcomhthiomsú sócmhainní foluiteach, amhail an meánscór creidmheasa atá ualaithe, agus sainaithneoidh sí aon chomhchruinnithe d’oibleagáideoir aonair nó do limistéar geografach agus do ghráinneacht an chomhthiomsaithe sócmhainní.

Airteagal 265 3.
Má dhéanann feidhm inmheánach iniúchóireachta, athbhreithnithe creidmheasa, nó bainistíochta priacail na hinstitiúide an t-athbhreithniú, dá bhforáiltear i bpointe (g) de mhír 2, beidh na feidhmiúcháin sin neamhspleách ar fheidhmiúcháin inmheánacha na hinstitiúide a bhaineann le gnó an chláir ABCP agus ar an gcaidreamh le custaiméirí.
Airteagal 265 4.

Maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh a úsáid, ní fhillfidh siad ar mhodhanna eile a úsáid maidir le suíomhanna a thagann faoi raon feidhme acu Cur Chuige an Mheasúnaithe Inmheánaigh, mura gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

tá léirithe ag an institiúid chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil cúis mhaith ag an institiúid déanamh amhlaidh;

(b) 

tá cead faighte ag an institiúid roimh ré ón údarás inniúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas