|
+Airteagal 268 3. |
Airteagal 268 3.Is é a bheidh sa cheanglas uasta caipitil an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an méid arna ríomh i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoin gcion is mó úis atá i seilbh na hinstitiúide sna tráinsí ábhartha (V), arna shloinneadh mar chéatadán agus arna ríomh mar a leanas:
(a)
i gcás institiúid a bhfuil suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó aici in aon tráinse amháin, beidh V cothrom le cóimheas mhéid ainmniúil na suíomhanna urrúsúcháin atá i seilbh na hinstitiúide sin sa tráinse sin agus méid ainmniúil an tráinse;
(b)
i gcás institiúid a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin aici i dtráinsí éagsúla, beidh V cothrom leis an gcion uasta úis thar na tráinsí. Chun na gcríoch sin, déanfar cion an úis i gcomhair gach ceann de na tráinsí éagsúla a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|