+Airteagal 268 Ceanglais maidir le caipiteal uasta
---+Airteagal 268 1.
---+Airteagal 268 2.
---+Airteagal 268 3.
---+Airteagal 268 4.

Airteagal 268 Ceanglais maidir le caipiteal uasta

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 268 1.
Féadfaidh institiúid tionscnóra, institiúid is urraitheoir nó institiúid eile a úsáideann SEC-IRBA, nó institiúid tionscnóra nó institiúid is urraitheoir a úsáideann SEC-SA nó SEC-ERBA, féadfaidh sí ceanglas caipitil uasta a chur i bhfeidhm le haghaidh an tsuímh urrúsúcháin atá ina seilbh atá cothrom leis na ceanglais chaipitil a bheadh le ríomh faoi Chaibidil 2 nó faoi Chaibidil 3 i ndáil leis na risíochtaí forluiteacha amhail is nach ndearnadh iad a urrúsú. Chun críocha an Airteagail seo, beidh méid na gcaillteanas ionchasach a bhaineann leis na risíochtaí sin a ríomhadh faoi Chaibidil 3, agus méid na gcaillteanas neamhionchasach, san áireamh i gceanglas caipitil an Chur Chuige IRB.
Airteagal 268 2.
I gcás comhthiomsuithe measctha, déanfar an ceanglas caipitil uasta a chinneadh trí mheánualú risíochta cheanglais chaipitil chodanna an Chur Chuige IRB agus an Chur Chuige Chaighdeánaithe de na risíochtaí foluiteacha a ríomh, i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 268 3.

Is é a bheidh sa cheanglas uasta caipitil an toradh a fhaightear nuair a iolraítear an méid arna ríomh i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 faoin gcion is mó úis atá i seilbh na hinstitiúide sna tráinsí ábhartha (V), arna shloinneadh mar chéatadán agus arna ríomh mar a leanas:

(a) 

i gcás institiúid a bhfuil suíomh urrúsúcháin amháin nó níos mó aici in aon tráinse amháin, beidh V cothrom le cóimheas mhéid ainmniúil na suíomhanna urrúsúcháin atá i seilbh na hinstitiúide sin sa tráinse sin agus méid ainmniúil an tráinse;

(b) 

i gcás institiúid a bhfuil suíomhanna urrúsúcháin aici i dtráinsí éagsúla, beidh V cothrom leis an gcion uasta úis thar na tráinsí. Chun na gcríoch sin, déanfar cion an úis i gcomhair gach ceann de na tráinsí éagsúla a ríomh mar a leagtar amach i bpointe (a).

Airteagal 268 4.
Agus an ceanglas caipitil uasta á ríomh i gcomhair suíomh urrúsúcháin i gcomhréir leis an Airteagal seo, bainfear an méid iomlán d’aon fháltas ar dhíolachán agus ar stríoca úis amháin feabhsaithe creidmheasa a eascraíonn as an idirbheart urrúsúcháin ó ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 i gcomhréir le pointe (k) d’Airteagal 36(1).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas