+Airteagal 270a Ualú priacail breise
---+Airteagal 270a 1.
---+Airteagal 270a 2.
|
Airteagal 270a Ualú priacail breise
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 270a 1.
|
I gcás nach gcomhlíonann institiúid na ceanglais i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 in aon cháil ábhartha mar gheall ar fhaillí nó neamhghníomh na hinstitiúide, forchuirfidh na húdaráis inniúla ualú priacail breise comhréireach nach lú ná 250 % den ualú priacail (agus tairseach 1 250 % leis), ualú a mbeidh feidhm aige maidir leis na suíomhanna urrúsúcháin iomchuí ar an tslí a shonraítear in Airteagal 247(6) nó Airteagal 337(3) den Rialachán seo faoi seach. Méadóidh an t-ualú priacail breise de réir a chéile le gach sárú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na forálacha maidir le dícheall cuí agus le bainistiú riosca. Cuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na díolúintí d’urrúsuithe áirithe a thugtar in Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2017/2402 tríd an ualú priacail a d’fhorchuirfí murach sin faoin Airteagal seo a laghdú i leith urrúsú a bhfuil feidhm ag Airteagal 6(5) den Rialachán (AE) 2017/2402 maidir leis.
|
|
Airteagal 270a 2.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme d’fhonn cóineasú cleachtas maoirseachta a éascú i dtaca le mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta a ghlacfar i gcás ina sárófar na hoibleagáidí maidir le dícheall cuí agus bainistíocht priacail. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2014. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|