+Airteagal 273b Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach neamhchosanta díorthach a ríomh agus maidir leis an gcur chuige simplithe chun na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh
---+Airteagal 273b 1.
---+Airteagal 273b 2.
---+Airteagal 273b 3.
|
Airteagal 273b Neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha maidir le modhanna simplithe a úsáid chun luach neamhchosanta díorthach a ríomh agus maidir leis an gcur chuige simplithe chun na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 273b 1.
|
Institiúid nach gcomhlíonann a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2), tabharfaidh an institiúid sin fógra ina leith don údarás inniúil gan mhoill.
|
|
Airteagal 273b 2.
|
►M17
Scoirfidh institiúidí de luachanna neamhchosanta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó 5 agus de na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 385, de réir mar is infheidhme, laistigh de 3 mhí ón uair a tharlóidh ceann amháin de na cásanna seo a leanas: ◄
(a)
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh trí mhí as a chéile;
(b)
ní chomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 273a(1) nó (2), de réir mar is infheidhme, ar feadh breis agus 6 mhí den 12 mhí roimhe sin.
|
|
Airteagal 273b 3.
|
I gcás inar scoir institiúidí de luachanna neamhchosanta a suíomhanna díorthach a ríomh i gcomhréir le Roinn 4 nó 5 agus de na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 385, de réir mar is infheidhme, ní cheadófar dóibh luachanna neamhchosanta a suíomhanna díorthacha a ríomh arís mar a leagtar amach i Roinn 4 nó 5 agus na ceanglais cistí dílse i gcás riosca CVA a ríomh arís i gcomhréir le hAirteagal 385 ach amháin i gcás ina léiríonn siad don údarás inniúil gur comhlíonadh na coinníollacha uile a leagtar amach in Airteagal 273a(1) nó (2), ar feadh tréimhse 1 bhliain amháin gan bhriseadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|