+Airteagal 287 Struchtúir eagrúcháin maidir le bainistíocht CCR
---+Airteagal 287 1.
---+Airteagal 287 2.
---+Airteagal 287 3.
---+Airteagal 287 4.

Airteagal 287 Struchtúir eagrúcháin maidir le bainistíocht CCR

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 287 1.

Déanfaidh institiúid a úsáideann an IMM na nithe seo a leanas a bhunú agus a choimeád ar bun:

(a) 

aonad rialaithe ►C9  riosca ◄ a chomhlíonann le mír 2;

(b) 

aonad bainistíochta comhthaobhachta a chomhlíonann le mír 3.

Airteagal 287 2.

Beidh an t-aonad rialaithe ►C9  riosca ◄ freagrach as bainistíocht CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear bailíochtú tosaigh agus leanúnach na samhla, agus déanfaidh sé na feidhmeanna seo a leanas agus comhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh sé freagrach as córas bainistíochta CCR na hinstitiúide a dhearadh agus a chur chun feidhme;

(b) 

déanfaidh sé tuarascálacha laethúla a tháirgeadh maidir le haschur shamhail tomhais ►C9  riosca ◄ na hinstitiúide agus déanfaidh sé anailís air. Áireofar leis an anailís sin meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na ►C9  neamhchosaintí ◄ CCR agus teorainneacha trádála;

(c) 

déanfaidh sé sláine na sonraí ionchuir a rialú agus déanfaidh sé tuarascálacha a tháirgeadh agus a anailísiú maidir le haschur shamhail tomhais ►C9  riosca ◄ na hinstitiúide, lena n-áirítear meastóireacht ar an gcaidreamh idir toisí luachanna na ►C9  neamhchosanta ◄ ar ►C9  riosca ◄ agus teorainneacha creidmheasa agus trádála;

(d) 

beidh sé neamhspleách ó aonaid atá freagrach as ►C9  neamhchosaintí ◄ a thionscnamh, a athnuachan nó a thrádáil agus beidh sé saor ó thionchar míchuí;

(e) 

beidh dóthain foirne ann;

(f) 

déanfaidh sé tuairiscí a chur díreach chuig lucht bainistíochta sinsearaí na hinstitiúide;

(g) 

beidh a chuid oibre comhtháite go dlúth le próiseas laethúil bainistithe ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide;

(h) 

beidh a aschur ina chuid ríthábhachtach den phróiseas pleanála, faireacháin agus rialaithe maidir le próifíl chreidmheasa agus ►C9  riosca ◄ fhoriomláin na hinstitiúide.

Airteagal 287 3.

Cuirfidh an t-aonad bainistíochta comhthaobhachta na cúraimí agus na feidhmeanna seo a leanas i gcrích:

(a) 

glaonna ar chorrlach a ríomh agus a dhéanamh, díospóidí maidir le glaonna ar corrlach a bhainistiú agus leibhéil na méideanna neamhspleácha, corrlaigh tosaigh agus corrlaigh athrúcháin a thuairisciú go beacht ar bhonn laethúil;

(b) 

sláine na sonraí a rialú a úsáidtear chun glaonna ar chorrlach a dhéanamh, agus a áirithiú go bhfuil siad comhsheasmhach agus go ndéantar iad a réiteach go rialta le foinsí sonraí ábhartha uile laistigh den institiúid;

(c) 

rianú a dhéanamh ar cé chomh mór is a dhéantar athúsáid ar chomhthaobhacht agus ar aon leasú ar chearta na hinstitiúide ar an gcomhthaobhacht a thaisceann sí nó maidir leis an gcomhthaobhacht sin;

(d) 

tuairisciú don leibhéal bainistíochta iomchuí maidir leis na cineálacha sócmhainní comhthaobhachta a athúsáidtear, agus téarmaí athúsáide den sórt sin lena n-áirítear an ionstraim, cáilíocht an chreidmheasa agus aibíocht;

(e) 

rianú a dhéanamh ar chomhdhlúthacht chuig cineálacha aonair sócmhainní comhthaobhachta a nglacann an institiúid leo;

(f) 

faisnéis bainistíochta comhthaobhachta a thuairisciú ar bhonn rialta, agus gach ráithe ar a laghad, don lucht bainistíochta sinsearaí, lena n-áirítear faisnéis maidir le cineál na comhthaobhachta a fhaightear agus a dhéantar a bhreacadh, méid, aosú agus an chúis maidir le díospóidí um ghlaonna ar chorrlach. Léireofar claontaí sna figiúirí seo sa tuairisciú inmheánach sin.

Airteagal 287 4.
Déanfaidh lucht bainistíochta sinsearaí dóthain acmhainní a leithdháileadh ar an aonad bainistíochta comhthaobhachta a theastaíonn faoi mhír 1(b) lena áirithiú go mbaintear leibhéal iomchuí feidhmíochta oibríochta amach lena chórais, arna thomhas le tráthúlacht agus le beachtas na nglaonna ar chorrlach arna ndéanamh ag an institiúid agus tráthúlacht fhreagra na hinstitiúide ar ghlaonna ar chorrlach arna ndéanamh ag a contrapháirtithe. Áiritheoidh an lucht bainistíochta sinsearaí go mbeidh dóthain foirne ag an aonad chun glaonna agus díospóidí a phróiseáil ar bhealach tráthúil fiú faoi ghéarchéim throm sa mhargadh, agus chun cur ar chumas na hinstitiúide teorainn a chur le líon mór na ndíospóidí a tharlaíonn mar thoradh ar mhéideanna trádála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas