+Airteagal 293 1.

Airteagal 293 1.

Comhlíonfaidh institiúid na ceanglais seo a leanas:

(a) 

comhlíonfaidh sí na ceanglais cháilíochtúla a leagtar amach i gCuid 3, Teideal IV, Caibidil 5;

(b) 

déanfaidh sí clár rialta de chúltástáil, agus na bearta ►C9  riosca ◄ a ghineann an tsamhail á gcur i gcomparáid le bearta ►C9  riosca ◄ réadaithe, agus athruithe hipitéiseacha bunaithe ar shuímh statacha á gcur i gcomparáid le bearta réadaithe;

(c) 

déanfaidh sí bailíochtú tosaigh agus athbhreithniú tréimhsiúil leanúnach ar samhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus ar na bearta ►C9  riosca ◄ arna nginiúint léi. Beidh an bailíochtú agus an t-athbhreithniú neamhspleách ó fhorbairt na samhla;

(d) 

beidh baint ag comhlacht bainistíochta agus lucht bainistíochta sinsearaí leis an bpróiseas rialaithe ►C9  riosca ◄ agus áiritheoidh siad go leithdháilfear dóthain acmhainní ar rialú creidmheasa agus rialú ►C9  riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe. I dtaca leis sin, déanfar athbhreithniú ar na tuarascálacha laethúla arna n-ullmhú ag an aonad rialaithe creidmheasa neamhspleách arna bhunú de réir Airteagal 287(1)(a) ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh sinsearacht agus údarás imleor chun laghduithe i suímh a ghlacann trádálaithe aonair a fhorfheidhmiú chomh maith le laghduithe i ►C9  neamhchosaint ◄ fhoriomlán na hinstitiúide ar ►C9  riosca ◄ ;

(e) 

beidh an tsamhail inmheánach um thomhas ►C9  neamhchosaintí ◄ ar ►C9  riosca ◄ comhtháite go dlúth le próiseas laethúil um bainistiú ►C9  riosca ◄ creidmheasa na hinstitiúide;

(f) 

bainfear úsáid as an gcóras chun ►C9  riosca ◄ a thomhas in éineacht le teorainneacha inmheánacha maidir le trádáil agus le neamhchosaint. I dtaca leis sin, beidh baint ag teorainneacha ►C9  neamhchosanta ◄ le samhail tomhais ►C9  riosca ◄ na hinstitiúide ar bhealach a bheidh comhsheasmhach thar am agus ar a mbeidh dea-thuiscint ag trádálaithe, an fheidhm chreidmheasa agus lucht bainistíochta sinsearaí;

(g) 

áiritheoidh institiúid go bhfuil a córas bainistíochta ►C9  riosca ◄ doiciméadaithe go leormhaith. Go háirithe, déanfaidh sí tacar doiciméadaithe de bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha a choinneáil a bhaineann le hoibriú an chórais tomhais ►C9  riosca ◄ , chomh maith le socruithe chun a áirithiú go gcomhlíontar na beartais sin;

(h) 

déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras tomhais ►C9  riosca ◄ go rialta i bpróiseas iniúchta inmheánaigh na hinstitiúide. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad trádála gnó agus an aonaid neamhspleáigh rialaithe ►C9  riosca ◄ araon. Déanfar athbhreithniú ar an gcóras bainistithe ►C9  riosca ◄ foriomlán ag eatraimh rialta (agus tráth nach lú ná uair amháin sa bhliain) agus tabharfar faoi na pointí go léir dá dtagraítear in Airteagal 288 go háirithe;

(i) 

déanfar athbhreithniú tréimhsiúil ar an mbailíochtú leanúnach ar shamhlacha ►C9  riosca ◄ creidmheasa contrapháirtithe, lena n-áirítear cúltástáil, ar leibhéal bainistíochta ag a mbeidh údarás leormhaith chun aghaidh a thabhairt ar laigí sna samhlacha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas