+Airteagal 294 Ceanglais bhailíochtaithe
---+Airteagal 294 1.
---+Airteagal 294 2.
---+Airteagal 294 3.

Airteagal 294 Ceanglais bhailíochtaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 294 1.

Mar chuid den bhailíochtú tosaigh agus leanúnach ar shamhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus a bearta ►C9  riosca ◄ , áiritheoidh institiúid go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an institiúid cúltástáil ag úsáid sonraí stairiúla maidir le gluaiseachtaí i bhfachtóirí ►C9  riosca ◄ an mhargaidh roimh an gcead ó na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 283(1). Breithneofar roinnt tréimhsí ama um réamhaithrisí sainiúla sa chúltástáil chomh fada amach le haon bhliain ar a laghad, thar raon dátaí túsaithe éagsúla agus lena gcumhdaítear raon leathan dálaí sa mhargadh;

(b) 

déanfaidh an institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i mír 12(b) d'Airteagal 284 bailíochtú rialta ar a samhail lena thástáil an bhfuil ►C9  neamhchosaintí ◄ réadaithe reatha comhsheasmhach le réamhaisnéisí thar na tréimhsí corrlaigh ar fad laistigh d'aon bhliain. Má bhaineann aibíocht níos giorra ná aon bhliain le cuid de na trádálacha sa tacar glanluachála, agus má tá íogaireachtaí níos airde i dtaobh fachtóirí ►C9  riosca ◄ ag an tacar glanluachála d'uireasa na dtrádálacha, cuirfear é seo san áireamh sa bhailíochtú;

(c) 

déanfaidh sí cúltástáil ar fheidhmíocht shamhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus ar bhearta ►C9  riosca ◄ ábhartha na samhla chomh maith leis na réamhaithrisí maidir le fachtóirí ►C9  riosca ◄ margaidh. Maidir le trádálacha comhthaobhaithe, cuirfear ar áireamh leis na tréimhsí ama réamhaithrise na cinn lena léirítear tréimhsí tipiciúla corrlaigh ►C9  riosca ◄ a chuirtear i bhfeidhm i dtrádáil chomhthaobhaithe nó faoi chumhdach corrlaigh;

(d) 

má léirítear le bailíochtú na samhla go bhfuil an EPE iarbhír gannmheasta, gníomhóidh an institiúid mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar mhíchruinneas na samhla;

(e) 

déanfaidh sí tástáil ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun ►C9  neamhchosaint ◄ ar CCR a ríomh maidir le cás áirithe de shuaitheadh amach anseo d'fhachtóirí ►C9  riosca ◄ margaidh mar chuid den phróiseas bailíochtaithe tosaigh agus leanúnach. Tabharfar fáthanna sna samhlacha praghsála le neamhlíneacht luacha rogha maidir le fachtóirí ►C9  riosca ◄ margaidh;

(f) 

déanfar an fhaisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta atá riachtanach le bheith in ann ►C9  neamhchosaintí ◄ a chomhiomlánú ar leibhéal an tacair ghlanluachála a ghabháil le samhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR. Deimhneoidh institiúid go ndéantar idirbhearta a shannadh don tacar glanluachála iomchuí laistigh den tsamhail;

(g) 

áireofar le samhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR faisnéis a bhaineann go sainiúil le hidirbhearta chun éifeachtaí an tsocraithe corrlaigh a ghabháil. Cuirfear an méid corrlaigh reatha agus an corrlach a dhéanfaí a aistriú idir contrapháirtithe sa todhchaí araon san áireamh leis. Tabharfaidh samhail den sórt sin cuntas ar nádúr na gcomhaontuithe corrlaigh atá aontaobhach nó déthaobhach, ar mhinicíocht na nglaonna ar corrlaigh, an tréimhse corrlaigh faoi ►C9  riosca ◄ , íostairseach na ►C9  neamhchosanta ◄ nach bhfuil faoi chumhdach corrlaigh atá an institiúid toilteanach a ghlacadh, agus íosmhéid an aistrithe. Déanfar an t-athrú i leith marcáil ón margadh ar luach na comhthaobhachta a bhreactar a mheas le samhail den sórt sin nó cuirfear na rialacha a leagtar amach i gCaibidil 4 i bhfeidhm;

(h) 

áireofar le próiseas bailíochtaithe na samhla cúltástáil stairiúil statach ar phunanna contrapháirtithe ionadaíocha. Déanfaidh institiúid cúltástáil den sórt sin ar roinnt punann contrapháirtithe ionadaíocha atá iarbhír nó hipitéiseach ag eatraimh rialta. Roghnófar na punanna ionadaíocha sin ar bhonn a n-íogaireachta maidir leis na fachtóirí ►C9  riosca ◄ ábhartha agus meascán de na fachtóirí ►C9  riosca ◄ ar a bhfuil an institiúid ar ris;

(i) 

déanfaidh institiúid cúltástáil atá deartha chun tástáil a dhéanamh ar phríomhthoimhdí shamhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus ar na bearta ►C9  riosca ◄ ábhartha, lena n-áirítear an caidreamh samhaltaithe idir éirimí an fhachtóra ►C9  riosca ◄ chéanna, agus na caidrimh shamhaltaithe idir na fachtóirí ►C9  riosca ◄ ;

(j) 

beidh feidhmíocht shamhlacha na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus a bearta ►C9  riosca ◄ faoi réir ag cleachtas cúltástála iomchuí. Beidh an clár cúltástála in ann tearcfheidhmíocht i mbearta ►C9  riosca ◄ na samhla EPE a aithint;

(k) 

déanfaidh institiúid samhlacha na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR agus na bearta ►C9  riosca ◄ uile a bhailíochtú chomh fada amach le tréimhsí ama ar cóimhéid le haibíocht na dtrádálacha atá cumhdaithe ag an tarscaoileadh IMM i gcomhréir le hAirteagal 283;

(l) 

déanfaidh institiúid tástáil rialta ar na samhlacha praghsála a úsáidtear chun ►C9  neamhchosaint ◄ contrapháirtithe a ríomh i gcoinne tagarmharcanna neamhspleácha iomchuí mar chuid den phróiseas leanúnach ar bhailíochtú na samhla;

(m) 

áireofar measúnú ar leorgacht na feidhmíochta is déanaí sa bhailíochtú leanúnach ar shamhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR atá ag an institiúid agus na bearta ►C9  riosca ◄ ábhartha;

(n) 

déanfaidh institiúid measúnú ar an minicíocht lena ndéantar paraiméadair shamhail na ►C9  neamhchosanta ◄ ar CCR a nuashonrú mar chuid den phróiseas ar bhailíochtú tosaigh agus leanúnach;

(o) 

déanfar measúnú leis an mbailíochtú tosaigh agus leanúnach ar cibé acu atá ríomhanna na ►C9  neamhchosanta ◄ maidir le leibhéal an chontrapháirtí agus an tacair ghlanluachála iomchuí nó nach bhfuil.

Airteagal 294 2.
Féadfar beart a úsáid atá níos coimeádaí ná an méadrach a úsáidtear chun luach na ►C9  neamhchosanta ◄ rialála a ríomh maidir le gach contrapháirtí in áit an alfa arna iolrú ag an EPE iarbhír le cead roimh ré ó na húdaráis inniúla. Déanfar méid an choimeádachais ábhartha a mheasúnú ach faomhadh tosaigh a fháil ó na húdaráis inniúla agus le linn na n-athbhreithnithe maoirseachta rialta ar shamhlacha EPE. Déanfaidh institiúid an coimeádachas a bhailíochtú go rialta. Clúdófar na contrapháirtithe uile dá n-úsáidtear na samhlacha sa mheasúnú leanúnach ar fheidhmíocht na samhla.
Airteagal 294 3.
Má léirítear le cúltástáil nach bhfuil samhail beacht go leor, déanfaidh na húdaráis inniúla a gcead i leith na samhla a aisghairm, nó déanfaidh siad bearta iomchuí a fhorchur lena áirithiú go ndéanfar an tsamhail a fheabhsú go pras.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas