+Airteagal 295 Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú►C9riosca◄

Airteagal 295 Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú►C9riosca◄

Airteagal 295

Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú ►C9  riosca ◄

Ní fhéadfaidh institiúidí a láimhseáil mar laghdú ►C9  riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 298 ach na cineálacha comhaontuithe seo a leanas a bhaineann le glanluacháil chonarthach i gcás ina bhfuil an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296 agus i gcás ina gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 297:

(a) 

conarthaí déthaobhacha le haghaidh nuachana idir institiúid agus a contrapháirtí faoina ndéantar éilimh agus oibleagáidí frithpháirteacha a chónascadh go huathoibríoch ar bhealach ina ndéantar aon mhéid aonair glan a shocrú leis an nuachan gach uair atá sé infheidhme chun conradh singil nua a chruthú a chuirtear in áit na gconarthaí agus na n-oibleagáidí uile roimhe sin idir páirtithe de bhun na gconarthaí sin agus tá sé ceangailteach ar na páirtithe;

(b) 

comhaontuithe déthaobhacha eile idir institiúid agus a contrapháirtí;

(c) 

comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu an modh a leagtar amach i Roinn 6 a úsáid i dtaca le hidirbhearta lasmuigh de raon feidhme an mhodha sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de na comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha a formheasadh a thuairisciú do ÚBE.

Ní dhéanfar glanluacháil thar idirbhearta a dhéanann eintitis dhlíthiúla éagsúla i ngrúpa a aithint ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas