Airteagal 295
Glanluacháil chonarthach a aithint mar laghdú
►C9
riosca ◄
Ní fhéadfaidh institiúidí a láimhseáil mar laghdú
►C9
riosca ◄ i gcomhréir le hAirteagal 298 ach na cineálacha comhaontuithe seo a leanas a bhaineann le glanluacháil chonarthach i gcás ina bhfuil an comhaontú glanluachála aitheanta ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 296 agus i gcás ina gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 297:
(a)
conarthaí déthaobhacha le haghaidh nuachana idir institiúid agus a contrapháirtí faoina ndéantar éilimh agus oibleagáidí frithpháirteacha a chónascadh go huathoibríoch ar bhealach ina ndéantar aon mhéid aonair glan a shocrú leis an nuachan gach uair atá sé infheidhme chun conradh singil nua a chruthú a chuirtear in áit na gconarthaí agus na n-oibleagáidí uile roimhe sin idir páirtithe de bhun na gconarthaí sin agus tá sé ceangailteach ar na páirtithe;
(b)
comhaontuithe déthaobhacha eile idir institiúid agus a contrapháirtí;
(c)
comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha maidir le hinstitiúidí a bhfuil cead faighte acu an modh a leagtar amach i Roinn 6 a úsáid i dtaca le hidirbhearta lasmuigh de raon feidhme an mhodha sin. Déanfaidh na húdaráis inniúla liosta de na comhaontuithe glanluachála trastáirgí conarthacha a formheasadh a thuairisciú do ÚBE.
Ní dhéanfar glanluacháil thar idirbhearta a dhéanann eintitis dhlíthiúla éagsúla i ngrúpa a aithint ar mhaithe leis na ceanglais cistí dílse a ríomh.