|
+Airteagal 301 2. |
Airteagal 301 2.Chun críocha na Roinne seo, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:
(a)
ní áireofar sa chorrlach tosaigh ranníocaíochtaí le contrapháirtí lárnach le haghaidh socruithe roinnte caillteanas;
(b)
áireofar sa chorrlach tosaigh comhthaobhacht arna taisceadh ag institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ag cliant sa bhreis ar an íosmhéid a theastaíonn ón gcontrapháirtí lárnach nó ón institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh faoi seach, ar choinníoll go bhféadfaidh an contrapháirtí lárnach sin nó an institiúid sin, nuair is iomchuí, cosc a chur ar an institiúid atá ag gníomhú mar chomhalta imréitigh nó ar an gcliant an chomhthaobhacht bhreise sin a aistarraingt;
(c)
i gcás ina n-úsáideann contrapháirtí lárnach corrlach tosaigh chun caillteanais a fhrithpháirtiú i measc a chomhaltaí imréitigh, féadfaidh institiúidí a ghníomhaíonn mar chomhaltaí imréitigh an corrlach tosaigh sin a láimhseáil mar ranníocaíocht le ciste mainneachtana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|