De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann institiúid ar cliant í an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin toisc nach gcosnaítear an institiúid sin ar chaillteanais i gcás ina gcómhainneachtaíonn an comhalta imréitigh agus cliant eile de chuid an chomhalta imréitigh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha uile eile a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den mhír sin á gcomhlíonadh, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse dá
►C12
neamhchosainti
◄ trádála ar idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306, faoi réir ualú
►C12
riosca
◄ 4 % a chur in ionad an ualaithe phriacail 2 % a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 306(1).