+Airteagal 305 ►C9Neamhchosaintí◄na gcliant a láimhseáil
---+Airteagal 305 1.
---+Airteagal 305 2.
---+Airteagal 305 3.
---+Airteagal 305 4.
|
Airteagal 305 ►C9Neamhchosaintí◄na gcliant a láimhseáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 305 1.
|
Ríomhfaidh institiúid ar cliant í na ceanglais cistí dílse do na hidirbhearta dá cuid a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh i gcomhréir le Roinn 1 go Roinn 8 den Chaibidil seo, le Roinn 4 de Chaibidil 4 den Teideal seo agus le Teideal VI, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 305 2.
|
Gan dochar don chur chuige atá sonraithe i mír 1, i gcás gur cliant í an institiúid, féadfaidh sí na ceanglais cistí dílse dá
►C9
neamhchosaintí ◄ trádála d'idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá suímh agus sócmhainní na hinstitiúide sin a bhaineann leis na hidirbhearta sin idirdhealaithe agus leithscartha, ar leibhéal an chomhalta imréitigh agus an chontrapháirtí lárnaigh araon, ó shuímh agus sócmhainní an chomhalta imréitigh agus chliaint eile an chomhalta imréitigh sin agus mar gheall ar an idirdhealú sin agus an leithscaradh sin níl baint ag na suímh agus sócmhainní sin le féimheacht i gcás mhainneachtain nó dhócmhainneacht an chomhalta imréitigh nó duine amháin nó níos mó dá chliaint eile;
(b)
éascaítear le dlíthe, rialacháin, rialacha agus socruithe conarthacha is infheidhme maidir leis an institiúid sin nó leis an gcontrapháirtí lárnach atá ceangailteach orthu, go ndéanfar suímh an chliaint a bhaineann leis na conarthaí agus idirbhearta sin agus an chomhthaobhacht chomhfhreagrach a aistriú chuig comhalta imréitigh eile laistigh den tréimhse corrlaigh is infheidhme faoi
►C9
riosca ◄ i gcás dhócmhainneacht nó mhainneachtain an chontrapháirtí lárnaigh nó an chomhalta imréitigh bhunaidh. In imthosca mar sin, déanfar suímh agus comhthaobhacht an chliaint a aistriú ag luach an mhargaidh mura n-iarrann an cliant go ndéanfaí an suíomh a shocrú ar luach an mhargaidh;
▼M8
(c)
tá athbhreithniú dlíthiúil leordhóthanach déanta ag an gcliant, ar athbhreithniú é atá cothrom le dáta, a chruthaíonn go bhfuil na socruithe lena n-áirithítear comhlíonadh an choinníll atá leagtha amach i bpointe (b), go bhfuil siad dlíthiúil, bailí, ceangailteach agus infhorfheidhmithe faoi dhlíthe ábhartha na dlínse nó na ndlínsí ábhartha;
▼B
(d)
is contrapháirtí lárnach cáilitheach é an contrapháirtí lárnach.
I gcás ina ndéanann an institiúid measúnú ar an gcaoi a bhfuil an coinníoll i bpointe (b) den chéad fhomhír á chomhlíonadh aici, féadfaidh institiúid aon fhasaigh shoiléire i ndáil le haistrithe suíomhanna cliant agus le comhthaobhacht chomhfhreagrach chuig contrapháirtí lárnach a chur san áireamh, maille le haon rún sa tionscal leanúint den chleachtas seo.
|
|
Airteagal 305 3.
|
De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, i gcás nach gcomhlíonann institiúid ar cliant í an coinníoll a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin toisc nach gcosnaítear an institiúid sin ar chaillteanais i gcás ina gcómhainneachtaíonn an comhalta imréitigh agus cliant eile de chuid an chomhalta imréitigh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha uile eile a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den mhír sin á gcomhlíonadh, féadfaidh an institiúid na ceanglais cistí dílse dá
►C12
neamhchosainti ◄ trádála ar idirbhearta a bhaineann le contrapháirtí lárnach lena comhalta imréitigh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 306, faoi réir ualú
►C12
riosca ◄ 4 % a chur in ionad an ualaithe phriacail 2 % a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 306(1).
|
|
Airteagal 305 4.
|
I gcás struchtúr cliant il-leibhéil, ní fhéadfaidh institiúid ar cliant ar leibhéal níos ísle í a bhfuil rochtain ar sheirbhísí contrapháirtí lárnaigh á fáil aici trí bhíthin cliant ar leibhéal níos airde, ní fhéadfaidh sí an láimhseáil a leagtar amach i mír 2 nó i mír 3 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach iontu ar gach leibhéal den struchtúr sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|