|
+Airteagal 311 2. |
Airteagal 311 2.I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 1, déanfaidh institiúidí, laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuil a fhios acu faoin imthoisc dá dtagraítear sa mhír sin nó níos luaithe i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla na n-institiúidí sin é, déanfaidh siad an méid seo a leanas i ndáil lena ►C12 neamhchosainti ◄ ar an gcontrapháirtí lárnach sin:
(a)
cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 306(1) i bhfeidhm ar a ►C12 neamhchosainti ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin;
(b)
cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 309 i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh sin agus ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe leis an gcontrapháirtí lárnach sin;
(c)
déanfaidh siad a ►C12 neamhchosainti ◄ ar an gcontrapháirtí lárnach sin seachas iad sin a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin a láimhseáil mar ►C12 neamhchosainti ◄ ar eintiteas corparáideach i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacalcreidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|