+Airteagal 311 Ceanglais cistí dílse do►C12neamhchosainti◄ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh
---+Airteagal 311 1.
---+Airteagal 311 2.

Airteagal 311 Ceanglais cistí dílse do►C12neamhchosainti◄ar chontrapháirtithe lárnacha nach gcomhlíonann coinníollacha áirithe a thuilleadh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 311 1.
Cuirfidh institiúidí an láimhseáil a leagtar amach san Airteagal seo i bhfeidhm i gcás inar tháinig siad de bheith ar an eolas, tar éis fógra poiblí nó fógra ó údarás inniúil contrapháirtí lárnaigh a úsáideann na hinstitiúidí nó ón gcontrapháirtí lárnach féin, nach gcomhlíonfaidh an contrapháirtí lárnach na coinníollacha maidir le húdarú nó le haitheantas, de réir mar is infheidhme, a thuilleadh.
Airteagal 311 2.

I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach i mír 1, déanfaidh institiúidí, laistigh de thrí mhí ón dáta a bhfuil a fhios acu faoin imthoisc dá dtagraítear sa mhír sin nó níos luaithe i gcás ina n-éilíonn údaráis inniúla na n-institiúidí sin é, déanfaidh siad an méid seo a leanas i ndáil lena ►C12  neamhchosainti ◄ ar an gcontrapháirtí lárnach sin:

(a) 

cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 306(1) i bhfeidhm ar a ►C12  neamhchosainti ◄ trádála ar an gcontrapháirtí lárnach sin;

(b) 

cuirfidh siad an láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 309 i bhfeidhm ar a ranníocaíochtaí réamhchistithe le ciste mainneachtana an chontrapháirtí lárnaigh sin agus ar a ranníocaíochtaí neamhchistithe leis an gcontrapháirtí lárnach sin;

(c) 

déanfaidh siad a ►C12  neamhchosainti ◄ ar an gcontrapháirtí lárnach sin seachas iad sin a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír sin a láimhseáil mar ►C12  neamhchosainti ◄ ar eintiteas corparáideach i gcomhréir leis an gCur Chuige Caighdeánaithe maidir le priacalcreidmheasa a leagtar amach i gCaibidil 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas