|
+Airteagal 311a Sainmhínithe |
Airteagal 311a SainmhínitheAirteagal 311a Sainmhínithe Chun críocha an Teidil seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “teagmhas riosca oibriúcháin” aon teagmhas a bhfuil baint aige le riosca oibriúcháin a ngintear caillteanas nó caillteanais iomadúla dá dheasca, laistigh de 1 bhliain amháin airgeadais nó laistigh de bhlianta iomadúla airgeadais;
(2)
ciallaíonn “caillteanas comhlán comhiomlánaithe” suim na gcaillteanas comhlán uile a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna thar 1 bhliain amháin airgeadais nó thar bhlianta iomadúla airgeadais;
(3)
ciallaíonn “glanchaillteanas comhiomlánaithe” suim na nglanchaillteanas uile a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna thar 1 bhliain amháin airgeadais nó thar bhlianta iomadúla airgeadais;
(4)
ciallaíonn “caillteanais ghrúpáilte” gach caillteanas oibriúcháin a tharla de bharr truicear bunúsach coiteann nó bunchúis a d’fhéadfaí a ghrúpáil in aon teagmhas riosca oibriúcháin amháin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|