|
+Airteagal 317 4. |
Airteagal 317 4.Baileoidh na hinstitiúidí freisin:
(a)
faisnéis maidir le dátaí tagartha na dteagmhas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear:
(i)
an dáta a tharla an teagmhas riosca oibriúcháin nó a thosaigh sé ar dtús (“dáta an tarlaithe”), i gcás ina bhfuil fáil air sin;
(ii)
an dáta a tháinig an institiúid ar an eolas faoin teagmhas riosca oibriúcháin (“dáta an aimsithe”);
(iii)
an dáta nó na dátaí a tharlaíonn caillteanas de dheasca teagmhais riosca oibriúcháin, nó a dhéantar cúlchiste nó soláthar in aghaidh caillteanais, arna aithint i gcuntais bhrabúis agus chaillteanais na hinstitiúide (“dáta na cuntasaíochta”);
(b)
faisnéis maidir le haon ghnóthú ar mhéideanna caillteanais chomhláin mar aon le faisnéis thuairisciúil faoi na cúiseanna a bhí leis na teagmhais chaillteanais nó faoi na gníomhaithe a spreag iad. Beidh an líon mionsonraí san fhaisnéis thuairisciúil i gcomhréir le méid an chaillteanais chomhláin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|