|
+Airteagal 318 1. |
Airteagal 318 1.Chun críocha Airteagal 316(1), déanfaidh institiúidí glanchaillteanas a ríomh i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin mar a leanas: glanchaillteanas = caillteanas comhlán – gnóthú i gcás inarb amhlaidh gur:
Coinneoidh institiúidí ríomh an ghlanchaillteanais cothrom le dáta ar bhonn leanúnach i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin. Chuige sin, tabharfaidh institiúidí ríomh an ghlanchaillteanais cothrom le dáta bunaithe ar athruithe, iarbhír nó arna meas, ar an gcaillteanas comhlán agus ar an ngnóthú i gcás gach bliana de na 10 mbliana airgeadais roimhe sin. I gcás ina bhfeictear caillteanais, a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna, i gcaitheamh blianta airgeadais iomadúla laistigh den tréimhse 10 mbliana sin, déanfaidh an institiúid an méid seo a leanas a ríomh agus a choinneáil cothrom le dáta:
(a)
an glanchaillteanas, an caillteanas comhlán agus an gnóthú i gcás gach bliain airgeadais den tréimhse 10 mbliana sin inar taifeadadh an glanchaillteanas, an caillteanas comhlán agus an gnóthú sin;
(b)
glanchaillteanas comhiomlánaithe, caillteanas comhlán comhiomlánaithe agus gnóthú comhiomlánaithe bhlianta airgeadais ábhartha uile na tréimhse 10 mbliana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|