+Airteagal 318 Méid an ghlanchaillteanais agus an chaillteanais chomhláin a ríomh
---+Airteagal 318 1.
---+Airteagal 318 2.
---+Airteagal 318 3.
---+Airteagal 318 4.

Airteagal 318 Méid an ghlanchaillteanais agus an chaillteanais chomhláin a ríomh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 318 1.

Chun críocha Airteagal 316(1), déanfaidh institiúidí glanchaillteanas a ríomh i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin mar a leanas:

glanchaillteanas = caillteanas comhlán – gnóthú

i gcás inarb amhlaidh gur:

caillteanas comhlán

= caillteanas a bhfuil baint aige le teagmhas riosca oibriúcháin sula mbeidh gnóthú d’aon chineál ann;

gnóthú

= tarlú neamhspleách amháin nó tarluithe neamhspleácha iomadúla a bhaineann leis an teagmhas riosca oibriúcháin bunaidh, atá ar leithligh san am, ina bhfaightear cistí nó insreafaí tairbhí eacnamaíocha ó thríú páirtí.

Coinneoidh institiúidí ríomh an ghlanchaillteanais cothrom le dáta ar bhonn leanúnach i gcás gach teagmhais riosca oibriúcháin. Chuige sin, tabharfaidh institiúidí ríomh an ghlanchaillteanais cothrom le dáta bunaithe ar athruithe, iarbhír nó arna meas, ar an gcaillteanas comhlán agus ar an ngnóthú i gcás gach bliana de na 10 mbliana airgeadais roimhe sin. I gcás ina bhfeictear caillteanais, a bhfuil baint acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin céanna, i gcaitheamh blianta airgeadais iomadúla laistigh den tréimhse 10 mbliana sin, déanfaidh an institiúid an méid seo a leanas a ríomh agus a choinneáil cothrom le dáta:

(a) 

an glanchaillteanas, an caillteanas comhlán agus an gnóthú i gcás gach bliain airgeadais den tréimhse 10 mbliana sin inar taifeadadh an glanchaillteanas, an caillteanas comhlán agus an gnóthú sin;

(b) 

glanchaillteanas comhiomlánaithe, caillteanas comhlán comhiomlánaithe agus gnóthú comhiomlánaithe bhlianta airgeadais ábhartha uile na tréimhse 10 mbliana.

Airteagal 318 2.

Chun críocha mhír 1, áireofar na hítimí seo a leanas i ríomh an chaillteanais chomhláin:

(a) 

muirir dhíreacha, amhail laguithe, socraíochtaí, agus méideanna arna n-íoc chun an damáiste, na pionóis agus an t-ús ar riaráistí agus táillí dlí i gcuntais bhrabúis agus chaillteanais na hinstitiúide a shlánú, mar aon le díluachálacha, arb ann dóibh de dheasca an teagmhais riosca oibriúcháin, lena n-áirítear:

(i) 

i gcás ina mbaineann an teagmhas riosca oibriúcháin le riosca margaidh, na costais chun suíomhanna margaidh a leachtú sa mhéid caillteanais arna thaifeadadh de bharr na n-ítimí riosca oibriúcháin;

(ii) 

i gcás ina mbaineann íocaíochtaí le mainneachtain nó próisis neamhleordhóthanacha na hinstitiúide, pionóis, muirir úis, muirir ar riaráistí, táillí dlí agus, seachas an méid cánach a bhí dlite i dtosach, cáin, ach amháin má tá an méid san áireamh cheana faoi phointe (e);

(b) 

costais arna dtabhú mar thoradh ar an teagmhas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear speansais sheachtracha a bhfuil baint dhíreach acu leis an teagmhas riosca oibriúcháin agus costais deisiúcháin nó athsholáthair, arna dtabhú chun an suíomh a bhí i réim sular tharla an teagmhas riosca oibriúcháin a athbhunú;

(c) 

soláthairtí nó cúlchistí a chuirtear san áireamh sna cuntais bhrabúis agus chaillteanais in aghaidh thionchar féideartha an chaillteanais oibriúcháin, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as teagmhais mhí-iompair;

(d) 

caillteanais a eascraíonn as teagmhais riosca oibriúcháin a bhfuil tionchar airgeadais cinntitheach acu a bhreactar go sealadach i gcuntais neamhbhuana nó fionraí agus nach léirítear go fóill sna cuntais bhrabúis agus chaillteanais (“caillteanais ar feitheamh”);

(e) 

tionchair eacnamaíocha dhiúltacha arna mbreacadh do bhliain airgeadais de thoradh teagmhais riosca oibriúcháin a imríonn tionchar ar shreafaí airgid nó ar ráitis airgeadais blianta airgeadais roimhe sin (“caillteanais uainithe”).

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), áireofar caillteanais ábharacha ar feitheamh sa tacar sonraí maidir le caillteanas laistigh de thréimhse ama i gcomhréir le méid agus aois na hítime ar feitheamh.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (e), caillteanais uainithe ábharacha cuirfidh an institiúid san áireamh iad sa tacar sonraí maidir le caillteanas i gcás inar thoradh iad ar theagmhais riosca oibriúcháin a mhaireann níos faide ná bliain airgeadais amháin. Cuirfidh institiúidí san áireamh sa mhéid caillteanais arna thaifeadadh den ítim riosca oibriúcháin de bhliain airgeadais, caillteanais atá mar thoradh ar cheartú earráidí i mbreacadh sa chuntas a tharla in aon bhliain airgeadais roimhe sin, fiú i gcás nach ndéanann na caillteanais sin difear díreach do thríú páirtithe. I gcás ina bhfuil caillteanais uainithe ábharacha ann agus ina ndéanann an teagmhas riosca oibriúcháin difear díreach do thríú páirtithe, lena n-áirítear custaiméirí, soláthraithe agus fostaithe de chuid na hinstitiúide, cuirfidh an institiúid san áireamh freisin athráiteas oifigiúil ar thuarascálacha airgeadais a eisíodh roimhe sin.

Airteagal 318 3.

Chun críocha mhír 1, beidh na hítimí seo a leanas eisiata ó ríomh an chaillteanais chomhláin:

(a) 

costais na cothabhála ginearálta ar chonarthaí maidir le maoin, gléasra nó trealamh;

(b) 

caiteachas inmheánach nó seachtrach chun feabhas a chur ar an ngnólacht i ndiaidh na gcaillteanas riosca oibriúcháin, lena n-áirítear uasghráduithe, feabhsuithe, tionscnaimh agus feabhsuithe i ndáil le measúnú riosca;

(c) 

préimheanna árachais.

Airteagal 318 4.
Chun críocha mhír 1, ní úsáidfear gnóthuithe chun caillteanais chomhlána a laghdú ach amháin i gcás ina bhfuil an institiúid tar éis íocaíocht a fháil. Ní mheasfar suimeanna infhaighte a bheith ina ngnóthuithe.

Arna iarraidh sin don údarás inniúil, soláthróidh an institiúid an doiciméadacht uile is gá chun na híocaíochtaí arna bhfáil agus arna gcur san áireamh i ríomh an ghlanchaillteanais ó theagmhas riosca oibriúcháin a fhíorú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas