+Airteagal 323 Creat bainistíochta riosca oibriúcháin
---+Airteagal 323 1.
---+Airteagal 323 2.
|
Airteagal 323 Creat bainistíochta riosca oibriúcháin
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 323 1.
|
Beidh na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag institiúidí:
(a)
córas dea-dhoiciméadaithe measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin mar dhlúthchuid den phróiseas chun próifíl riosca oibriúcháin na hinstitiúide a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, é de dhlúth agus d’inneach na bpróiseas bainistíochta riosca ó lá go lá, agus freagrachtaí soiléire sannta ina leith; déanfar leis an gcóras measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin neamhchosaintí na hinstitiúide ar riosca oibriúcháin a shainaithint agus sonraí ábhartha maidir le riosca oibriúcháin a rianú, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanas ábharach;
(b)
feidhm bainistithe riosca oibriúcháin atá neamhspleách ar aonaid ghnó agus oibriúcháin na hinstitiúide;
(c)
córas chun tuairisciú chuig an lucht bainistíochta sinsearaí faoina soláthraítear tuairiscí ar riosca oibriúcháin do na feidhmeanna ábhartha laistigh den institiúid;
(d)
córas chun faireachán agus tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar neamhchosaintí riosca oibriúcháin agus ar chaillteanais a tharlaíonn, agus nósanna imeachta chun gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh;
(e)
gnáthaimh chun an comhlíonadh a áirithiú, agus beartais chun neamhchomhlíonadh a láimhseáil;
(f)
athbhreithnithe tráthrialta ar phróisis agus ar chórais measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide, arna ndéanamh ag iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha a bhfuil an saineolas is gá acu;
(g)
próisis bhailíochtaithe inmheánacha a fheidhmíonn ar bhealach fónta éifeachtach;
(h)
sreafaí sonraí agus próisis, atá idir thrédhearcach agus inrochtana, i ndáil le córas measúnaithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide.
|
|
Airteagal 323 2.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na hoibleagáidí faoi mhír 1, pointí (a) go (h), a shonrú, méid agus castacht na hinstitiúide á gcur san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|