|
+Airteagal 323 1. |
Airteagal 323 1.Beidh na nithe seo a leanas i bhfeidhm ag institiúidí:
(a)
córas dea-dhoiciméadaithe measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin mar dhlúthchuid den phróiseas chun próifíl riosca oibriúcháin na hinstitiúide a rialú agus chun faireachán a dhéanamh uirthi, é de dhlúth agus d’inneach na bpróiseas bainistíochta riosca ó lá go lá, agus freagrachtaí soiléire sannta ina leith; déanfar leis an gcóras measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin neamhchosaintí na hinstitiúide ar riosca oibriúcháin a shainaithint agus sonraí ábhartha maidir le riosca oibriúcháin a rianú, lena n-áirítear sonraí maidir le caillteanas ábharach;
(b)
feidhm bainistithe riosca oibriúcháin atá neamhspleách ar aonaid ghnó agus oibriúcháin na hinstitiúide;
(c)
córas chun tuairisciú chuig an lucht bainistíochta sinsearaí faoina soláthraítear tuairiscí ar riosca oibriúcháin do na feidhmeanna ábhartha laistigh den institiúid;
(d)
córas chun faireachán agus tuairisciú tráthrialta a dhéanamh ar neamhchosaintí riosca oibriúcháin agus ar chaillteanais a tharlaíonn, agus nósanna imeachta chun gníomhartha ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh;
(e)
gnáthaimh chun an comhlíonadh a áirithiú, agus beartais chun neamhchomhlíonadh a láimhseáil;
(f)
athbhreithnithe tráthrialta ar phróisis agus ar chórais measúnaithe agus bainistithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide, arna ndéanamh ag iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha a bhfuil an saineolas is gá acu;
(g)
próisis bhailíochtaithe inmheánacha a fheidhmíonn ar bhealach fónta éifeachtach;
(h)
sreafaí sonraí agus próisis, atá idir thrédhearcach agus inrochtana, i ndáil le córas measúnaithe riosca oibriúcháin na hinstitiúide. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|