|
+Airteagal 325 2. |
Airteagal 325 2.Is é a bheidh sna ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe simplithe ná suim na gceanglas cistí dílse seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
(a)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca suímh dá dtagraítear i gCaibidil 2 iolraithe faoin méid seo a leanas:
(i)
1,3 , i gcás na rioscaí ginearálta agus sonracha a bhaineann le suíomhanna in ionstraimí fiachais, seachas ionstraimí urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 337;
(ii)
3,5 , i gcás na rioscaí ginearálta agus sonracha a bhaineann le suíomhanna in ionstraimí cothromais;
(b)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear i gCaibidil 3, iolraithe faoi 1,2 ;
(c)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca tráchtearraí dá dtagraítear i gCaibidil 4, iolraithe faoi 1,9 ;
(d)
na ceanglais cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 337. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|