+Airteagal 325 Cur chuige chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh►C12riosca◄margaidh
---+Airteagal 325 1.
---+Airteagal 325 2.
---+Airteagal 325 3.
---+Airteagal 325 4.
---+Airteagal 325 5.
---+Airteagal 325 6.
---+Airteagal 325 7.
---+Airteagal 325 8.
---+Airteagal 325 9.

Airteagal 325 Cur chuige chun críche ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh►C12riosca◄margaidh

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325 1.

Déanfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás gach ceann dá cuid suíomhanna leabhair trádála agus gach ceann dá cuid suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a ríomh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige seo a leanas:

(a) 

an cur chuige caighdeánaithe malartach a leagtar amach i gCaibidil 1a;

(b) 

an cur chuige malartach samhla inmheánaí a leagtar amach i gCaibidil 1b le haghaidh na suíomhanna sin arna sannadh do dheasca trádála ar thug údarás inniúil na hinstitiúide cead don institiúid an cur chuige malartach sin a úsáid mar a leagtar amach in Airteagal 325az(1);

(c) 

an cur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 325a(1).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfaidh institiúid ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí i gcás suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí a ríomh i gcás ina ndéantar na suíomhanna sin a asbhaint as cistí dílse na hinstitiúide. Déanfaidh an institiúid an úsáid a bhaineann sí as an maolú a leagtar amach san fhomhír seo a dhoiciméadú, lena n-áirítear tionchar agus ábharthacht na húsáide sin, agus cuirfidh sí an fhaisnéis ar fáil, arna iarraidh sin, dá húdarás inniúil.

Airteagal 325 2.

Is é a bheidh sna ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige caighdeánaithe simplithe ná suim na gceanglas cistí dílse seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca suímh dá dtagraítear i gCaibidil 2 iolraithe faoin méid seo a leanas:

(i) 

1,3 , i gcás na rioscaí ginearálta agus sonracha a bhaineann le suíomhanna in ionstraimí fiachais, seachas ionstraimí urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 337;

(ii) 

3,5 , i gcás na rioscaí ginearálta agus sonracha a bhaineann le suíomhanna in ionstraimí cothromais;

(b) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca malairte eachtraí dá dtagraítear i gCaibidil 3, iolraithe faoi 1,2 ;

(c) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca tráchtearraí dá dtagraítear i gCaibidil 4, iolraithe faoi 1,9 ;

(d) 

na ceanglais cistí dílse le haghaidh ionstraimí urrúsúcháin dá dtagraítear in Airteagal 337.

Airteagal 325 3.
I gcás institiúid a úsáideann cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo, chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna leabhair trádála agus suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí, déanfaidh sí ríomh míosúil na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a thuairisciú dá húdarás inniúil, agus an cur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo á úsáid aici, maidir le gach deasc thrádála dá bhfuil na suíomhanna sin sannta i gcomhréir le hAirteagal 104b.
Airteagal 325 4.
Féadfaidh institiúid úsáid a bhaint as teaglaim den chur chuige caighdeánaithe malartach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus as an gcur chuige malartach samhla inmheánaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo ar bhonn buan, ar choinníoll gurb ionann iomlán na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh tríd an gcur chuige malartach samhla inmheánaí agus 10 % ar a laghad d’iomlán na gceanglas cistí dílse i gcomhair riosca margaidh. Ar bhonn aonair, ní úsáidfidh institiúid ceachtar de na cineálacha cur chuige sin i dteannta an chur chuige chaighdeánaithe shimplithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo. Ar leibhéal comhdhlúite, féadfaidh institiúid teaglaim de na trí chur chuige sin a úsáid chun na ceanglais císte dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325b(4), pointe (b), ar choinníoll nach n-úsáidtear an cur chuige caighdeánaithe simplithe i gcomhcheangal leis an dá chur chuige eile laistigh d’eintiteas dlíthiúil amháin.
Airteagal 325 5.
Ní úsáidfidh institiúid an cur chuige malartach samhla inmheánaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), le haghaidh ionstraimí ina leabhar trádála ar suíomhanna urrúsúcháin iad nó ar suíomhanna a áirítear sa phunann trádála comhghaoil mhalartach (ACTP) iad a leagtar amach i míreanna 6, 7 agus 8.
Airteagal 325 6.

Maidir le suíomhanna urrúsúcháin agus díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas, áireofar san ACTP iad:

(a) 

ní suíomhanna athurrúsúcháin iad, ná roghanna ar thráinse urrúsúcháin, ná aon díorthaigh eile ó ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin nach soláthraíonn sciar pro rata sna fáltais ó thráinse urrúsúcháin;

(b) 

is ionstraimí de na cinn seo a leanas iad na hionstraimí foluiteacha:

(i) 

ionstraimí aonainm, lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa aonainm, a bhfuil margadh leachtach dhá threo ann ina leith;

(ii) 

innéacsanna a thrádáiltear de ghnáth bunaithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i).

Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnta leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála.

Airteagal 325 7.

Ní áireofar sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach aon suíomhanna ina bhfuil aon cheann de na hionstraimí seo a leanas:

(a) 

ionstraimí foluiteacha a shanntar do na haicmí ►C12  neamhchosainti ◄ dá dtagraítear i bpointe (h) nó i bpointe (i) d'Airteagal 112;

(b) 

éileamh ar eintiteas sainchuspóireach, arna chomhthaobhú, go díreach nó go hindíreach, le suíomh nach mbeadh incháilithe é féin le cur isteach sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 325 8.
Féadfaidh institiúidí suíomhanna a chur sa phunann trádála chomhghaoil mhalartach nach suíomhanna urrúsúcháin ná díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain iad ach a fhálaíonn suíomhanna eile sa phunann sin, ar choinníoll go bhfuil margadh leachtach dhá threo, de réir na tuairisce sa dara fomhír de mhír 6, ann don ionstraim sin nó dá ionstraimí foluiteacha.
Airteagal 325 9.
Déanfaidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar mar a ríomhfaidh institiúidí na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach i mír 1, pointí (a) nó (b), den Airteagal seo, á gcur san áireamh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 104b(5) agus (6), i gcás inarb infheidhme.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2025.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas