+Airteagal 325 6.

Airteagal 325 6.

Maidir le suíomhanna urrúsúcháin agus díorthaigh chreidmheasa don n-ú mainneachtain a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas, áireofar san ACTP iad:

(a) 

ní suíomhanna athurrúsúcháin iad, ná roghanna ar thráinse urrúsúcháin, ná aon díorthaigh eile ó ►C12  neamhchosainti ◄ urrúsúcháin nach soláthraíonn sciar pro rata sna fáltais ó thráinse urrúsúcháin;

(b) 

is ionstraimí de na cinn seo a leanas iad na hionstraimí foluiteacha:

(i) 

ionstraimí aonainm, lena n-áirítear díorthaigh chreidmheasa aonainm, a bhfuil margadh leachtach dhá threo ann ina leith;

(ii) 

innéacsanna a thrádáiltear de ghnáth bunaithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (i).

Meastar go bhfuil margadh dhá threo ann má dhéantar tairiscintí neamhspleácha bona fide chun earraí a cheannach agus a dhíol ionas gur féidir praghas a bhaineann go réasúnta leis an bpraghas díola deireanach nó le tairiscint iomaíoch bona fide agus luachanna tairisceana reatha a chinneadh laistigh de lá amháin agus a shocrú ar an bpraghas sin laistigh de thréimhse measartha gearr ag teacht le gnás trádála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas