+Airteagal 325b 4.

Airteagal 325b 4.

I gcás nár thug údarás inniúil an cead dá dtagraítear i mír 2 d’aon institiúid amháin ar a laghad nó d’aon ghnóthas amháin ar a laghad de chuid an ghrúpa, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Teideal seo:

(a) 

ríomhfaidh an institiúid glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo le haghaidh na suíomhanna uile in institiúidí nó i ngnóthais de chuid an ghrúpa a bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 á thabhairt don institiúid ina leith, agus an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 á húsáid;

(b) 

ríomhfaidh an institiúid glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo ina gceann is ina gceann le haghaidh na suíomhanna uile i ngach institiúid nó i ngach gnóthas de chuid an ghrúpa nach bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 tugtha don institiúid ina leith;

(c) 

ríomhfaidh an institiúid iomlán na gceanglas cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite trí na méideanna arna ríomh i bpointí (a) agus (b) den mhír seo a shuimiú le chéile.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír,, pointí (a) agus (b), úsáidfidh institiúidí agus gnóthais dá dtagraítear san fhomhír sin an t-airgeadra tuairiscithe céanna agus an t-airgeadra tuairiscithe a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite don ghrúpa.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas