+Airteagal 325b Cead i leith ceanglais chomhdhlúite
---+Airteagal 325b 1.
---+Airteagal 325b 2.
---+Airteagal 325b 3.
---+Airteagal 325b 4.

Airteagal 325b Cead i leith ceanglais chomhdhlúite

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325b 1.
Faoi réir mhír 2, agus ar mhaithe le glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse a ríomh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite, agus ar mhaithe leis sin amháin, féadfaidh institiúidí suíomhanna in institiúid nó i ngnóthas amháin a úsáid chun suíomhanna in institiúid nó i ngnóthas eile a fhritháireamh.
Airteagal 325b 2.

Ní fhéadfaidh institiúidí mír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin le cead ó na húdaráis inniúla, cead a thabharfar má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá cistí dílse leithdháilte go sásúil laistigh den ghrúpa;

(b) 

ráthaítear leis an gcreat rialúcháin, dlíthiúil nó conarthach ina bhfeidhmíonn na hinstitiúidí go bhfuil tacaíocht airgeadais fhrithpháirteach laistigh den ghrúpa.

Airteagal 325b 3.

I gcás ina bhfuil na gnóthais suite i dtríú tíortha, comhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas i dteannta na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 2:

(a) 

tá na gnóthais sin údaraithe i dtríú tír agus comhlíonann siad an sainmhíniú ar institiúid creidmheasa nó is gnólachtaí infheistíochta aitheanta tríú tír iad;

(b) 

ar bhonn aonair, comhlíonann na gnóthais sin ceanglais cistí dílse atá coibhéiseach leis na cinn sin a leagtar síos sa Rialachán seo;

(c) 

níl aon rialacháin sna tríú tíortha atá i gceist a d'fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d'aistriú cistí laistigh den ghrúpa.

Airteagal 325b 4.

I gcás nár thug údarás inniúil an cead dá dtagraítear i mír 2 d’aon institiúid amháin ar a laghad nó d’aon ghnóthas amháin ar a laghad de chuid an ghrúpa, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir leis an Teideal seo:

(a) 

ríomhfaidh an institiúid glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo le haghaidh na suíomhanna uile in institiúidí nó i ngnóthais de chuid an ghrúpa a bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 á thabhairt don institiúid ina leith, agus an láimhseáil a leagtar amach i mír 1 á húsáid;

(b) 

ríomhfaidh an institiúid glansuíomhanna agus ceanglais cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo ina gceann is ina gceann le haghaidh na suíomhanna uile i ngach institiúid nó i ngach gnóthas de chuid an ghrúpa nach bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 tugtha don institiúid ina leith;

(c) 

ríomhfaidh an institiúid iomlán na gceanglas cistí dílse i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite trí na méideanna arna ríomh i bpointí (a) agus (b) den mhír seo a shuimiú le chéile.

Chun críocha an ríomha dá dtagraítear sa chéad fhomhír,, pointí (a) agus (b), úsáidfidh institiúidí agus gnóthais dá dtagraítear san fhomhír sin an t-airgeadra tuairiscithe céanna agus an t-airgeadra tuairiscithe a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcomhréir leis an Teideal seo ar bhonn comhdhlúite don ghrúpa.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas