+Airteagal 325e 3.

Airteagal 325e 3.

De mhaolú ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh institiúid a roghnú suíomhanna uile ionstraimí gan roghnaíocht a chur faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1.

Tabharfaidh aon institiúid a roghnaíonn an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad roimh an gcéad úsáid. Tar éis na 3 mhí sin a bheith caite agus ar choinníoll nach ndearna an t-údarás inniúil agóid ina choinne, féadfaidh an institiúid an cur chuige sin a úsáid go dtí go gcuirfidh an t-údarás inniúil an institiúid ar an eolas nach bhfuil cead aici a thuilleadh é a dhéanamh.

Aon institiúid ar mian léi scor den chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid, tabharfaidh sí fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad sula scorfaidh sí den úsáid sin. Féadfaidh an institiúid scor den chur chuige sin a chur i bhfeidhm, ach amháin má rinne an t-údarás inniúil agóid laistigh den tréimhse 3 mhí sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas