+Airteagal 325e Comhpháirteanna an mhodha íogaireacht-bhunaithe
---+Airteagal 325e 1.
---+Airteagal 325e 2.
---+Airteagal 325e 3.

Airteagal 325e Comhpháirteanna an mhodha íogaireacht-bhunaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325e 1.

Déanfaidh institiúidí a gceanglais cistí dílse féin le haghaidh ►C12  riosca ◄ margaidh a ríomh de réir an mhodha íogaireacht-bhunaithe trí na trí cheanglas cistí dílse a chomhiomlánú i gcomhréir le hAirteagal 325h:

(a) 

ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ deilte lena ngabhtar an ►C12  riosca ◄ go dtiocfaidh athruithe ar luach na hionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ neamhluaineachta;

(b) 

ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ vega lena ngabhtar an ►C12  riosca ◄ go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ luaineachta;

(c) 

ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ cuaire lena ngabhtar an ►C12  riosca ◄ go dtiocfaidh athruithe ar luach ionstraime mar gheall ar ghluaiseachtaí sna príomhfhachtóirí ►C12  riosca ◄ neamhluaineachta a bhaineann le fachtóirí ►C12  riosca ◄ gaolmhara nach ngabhtar le ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ deilte.

Airteagal 325e 2.

Chun críche an ríomha dá dtagraítear i mír 1,

▼M12

(a) 

beidh suíomhanna uile aon ionstraimí lena ngabhann roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (a), (b) (c) de mhír 1 maidir leis na rioscaí seachas ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 325u(2);

(b) 

beidh suíomhanna uile aon ionstraimí gan roghnaíocht faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 maidir leis na rioscaí seachas ionstraimí foluiteacha coimhthíocha na n-ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 325u(2),

▼M8

Chun críocha na Caibidle seo, ar na hionstraimí ina bhfuil roghnaíocht tá, i measc ionstraimí eile: glaonna, céadroghanna, caidhpeanna, íosrátaí, roghtálacha, céadroghanna bacainneacha agus céadroghanna coimhthíocha. Measfar gur suíomhanna ar leithligh i roghanna iad roghanna leabaithe, amhail roghanna réamhíocaíochta nó iompraíochta, chun críche ceanglais cistí dílse le haghaidh ►C12  riosca ◄ margaidh a ríomh.

Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur ionstraimí gan roghnaíocht iad ionstraimí ar féidir a sreabhadh airgid thirim a scríobh mar fheidhm líneach de mhéid barúlach an fholuitigh.

Airteagal 325e 3.
De mhaolú ar phointe (b) de mhír 2, féadfaidh institiúid a roghnú suíomhanna uile ionstraimí gan roghnaíocht a chur faoi réir na gceanglas cistí dílse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) de mhír 1.

Tabharfaidh aon institiúid a roghnaíonn an cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad roimh an gcéad úsáid. Tar éis na 3 mhí sin a bheith caite agus ar choinníoll nach ndearna an t-údarás inniúil agóid ina choinne, féadfaidh an institiúid an cur chuige sin a úsáid go dtí go gcuirfidh an t-údarás inniúil an institiúid ar an eolas nach bhfuil cead aici a thuilleadh é a dhéanamh.

Aon institiúid ar mian léi scor den chur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír a úsáid, tabharfaidh sí fógra dá húdarás inniúil 3 mhí ar a laghad sula scorfaidh sí den úsáid sin. Féadfaidh an institiúid scor den chur chuige sin a chur i bhfeidhm, ach amháin má rinne an t-údarás inniúil agóid laistigh den tréimhse 3 mhí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas