Is éard a bheidh sna fachtóirí
►C12
riosca
◄ um raon difríochta deilte a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin a bhíonn íogair ar raonta difríochta ná rátaí um raon difríochta eisitheora na n-ionstraimí sin, arna mbunú ar na hionstraimí fiachais ábhartha agus ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus arna mapáil ar gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Cuirfidh institiúidí fachtóir
►C12
riosca
◄ amháin i bhfeidhm maidir le gach eisitheoir agus aibíocht, gan beann ar a bhfuil na rátaí um raon difríochta eisitheora sin bunaithe ar ionstraimí fiachais nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa. Is éard a bheidh sna buicéid buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6, agus beidh na fachtóirí
►C12
riosca
◄ arna leithdháileadh ar na fachtóirí
►C12
riosca
◄ a shanntar don earnáil ábhartha.