+Airteagal 325m Fachtóirí►C12riosca◄um raon difríochta le haghaidh neamhurrúsúcháin
---+Airteagal 325m 1.
---+Airteagal 325m 2.
---+Airteagal 325m 3.
---+Airteagal 325m 4.

Airteagal 325m Fachtóirí►C12riosca◄um raon difríochta le haghaidh neamhurrúsúcháin

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 325m 1.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ um raon difríochta deilte a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin a bhíonn íogair ar raonta difríochta ná rátaí um raon difríochta eisitheora na n-ionstraimí sin, arna mbunú ar na hionstraimí fiachais ábhartha agus ar bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa, agus arna mapáil ar gach ceann de na haibíochtaí seo a leanas: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Cuirfidh institiúidí fachtóir ►C12  riosca ◄ amháin i bhfeidhm maidir le gach eisitheoir agus aibíocht, gan beann ar a bhfuil na rátaí um raon difríochta eisitheora sin bunaithe ar ionstraimí fiachais nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa. Is éard a bheidh sna buicéid buicéid earnála, dá dtagraítear i Roinn 6, agus beidh na fachtóirí ►C12  riosca ◄ arna leithdháileadh ar na fachtóirí ►C12  riosca ◄ a shanntar don earnáil ábhartha.
Airteagal 325m 2.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ vega um raon difríochta creidmheasa a bhíonn le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le céadroghanna a bhfuil ionstraimí foluiteacha ag gabháil leo a bhíonn íogair ar raon difríochta creidmheasa ná luaineachtaí intuigthe rátaí um raon difríochta creidmheasa eisitheora na hionstraime foluití mar a leagtar síos i mír 1, a ndéanfar a mhapáil ar na haibíochtaí seo a leanas i gcomhréir le haibíocht na céadrogha faoi réir an cheanglais cistí dílse: 0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana. Bainfear úsáid as na buicéid chéanna a úsáideadh don phriacal um raon difríochta creidmheasa deilte i ndáil le neamhurrúsúchán.
Airteagal 325m 3.
Is éard a bheidh sna fachtóirí ►C12  riosca ◄ um raon difríochta cuaire a bheidh le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir le hionstraimí neamhurrúsúcháin veicteoir amháin rátaí um raon difríochta, arb éard a bheidh ann cuar um raon difríochta creidmheasa a bhaineann go sonrach leis an eisitheoir. Maidir le gach ionstraim, beidh sa veicteoir a mhéid comhpháirteanna agus a bhfuil d'aibíochtaí difriúla rátaí um raon difríochta creidmheasa ann a úsáidtear mar athróga le samhail phraghsála na hinstitiúide don ionstraim sin. Bainfear úsáid as na buicéid chéanna a úsáideadh don phriacal um raon difríochta creidmheasa deilte i ndáil le neamhurrúsúchán.
Airteagal 325m 4.
Déanfaidh na hinstitiúidí íogaireacht gach ionstraime ar gach fachtóir ►C12  riosca ◄ arna úsáid san fhoirmle phriacail chuaire a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 325g. Chun críocha ►C12  riosca ◄ cuaire, measfaidh institiúidí gurb é an fachtóir ►C12  riosca ◄ céanna veicteoirí atá bunaithe ar ionstraimí fiachais ábhartha nó babhtálacha mainneachtana creidmheasa agus a bhfuil líon comhpháirteanna difriúil acu, ar choinníoll go bhfuil na veicteoirí sin comhfhreagrach leis an eisitheoir céanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas